Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Ms Lisa Nic Dhoinnl?ibhe:

I dtaobh an pholasaí oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, tá an comhairliúchán fós ar bun ach tá sé sin tagtha aníos go minic sa chomhairliúchán, sin é, an trácht ar an bhfráma tagartha atá ann, Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, agus a leithéidí. Tá sé sin mar chuid den chomhairliúchán agus beidh cinnteacht le déanamh an mbeidh nó nach mbeidh sé mar chuid den fhráma 1. Má fhéachaimid siar ar an bpolasaí don oideachas Ghaeltachta, bhí eilimintí de sin ann sna cúrsaí agus sna cláir a chuireamar ar fáil, ar nós an BEd agus an MEd. Caithfidh na múinteoirí a thagann isteach leibhéal B1 a bheith acu agus faoi dheireadh an chúrsa caithfidh C1 a bheith bainte amach acu. Tá sé sin ann cheana féin laistigh den pholasaí don oideachas Ghaeltachta. Is cinnte go mbeidh eilimintí dóibh siúd a bheadh oiriúnach don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Beidh sé le fios tar éis an chomhairliúcháin agus na hanailíse an mbeidh sé sin an-lárnach nó an mbeidh eilimintí ag baint le gníomhartha nó aicsin éagsúla laistigh den pholasaí.