Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais
Ms Lisa Nic Dhoinnl?ibhe:
Bhí me mar chuid den pholasaí atá á fhorbairt ar an oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá taighde coimisiúnaithe ag COGG faoi riar an Roinn Oideachais ar na haonaid lán agus tá triúr taighdeoirí ag dul i mbun cainte le gach uile aonad atá sa tír, aonaid atá tar éis dúnadh agus aonaid atá tar éis athrú go Gaelcholáistí. Tá an taighde sin ar cad atá ag tarlú faoi láthair sa réimse sin ó thaobh aonad de an-chuimsitheach. Beidh bunús an-láidir againn sa pholasaí seo ar cad é cás na n-aonad faoi láthair agus cad a chaithimid a chur sa pholasaí nua i dtaobh na n-aonad.