Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Ms Lisa Nic Dhoinnl?ibhe:

Braitheann sé ar an mbliain. Tugann muidne tacaíocht airgid do 30 agus ansin uaireanta tógann Institiúid Oideachais Marino breis daoine isteach ar an gcúrsa ach bíonn sé níos mó ná 30 gach uile bhliain. Gach uile bhliain beidh an méid sin ann, go dtí ceithre bliana ón mbliain seo ar aghaidh agus ansin beidh 60 ag teacht amach i gceann ceithre bliana.

An dara rud ná an máistir gairmiúil san oideachas, MGO, i nGaillimh. Bíonn beirt curtha ar fáil, ar iasacht, chun cur leis na huimhreacha san MGO agus táimid ag leanúint leis an tacaíocht sin an méid gur féidir. Tá tacaíocht sa bhreis á cur ar fáil ag COGG chun daoine a mhealladh. Sin ceann de na ceisteanna – conas ar féidir linn daoine a mhealladh isteach sa chóras lán-Ghaeilge agus daoine leis an nGaeilge a mhealladh. Tá COGG ag cur sparánachtaí ar fáil do gach uile mhac léinn ar an MGO ón mbliain seo ar aghaidh. Le cúnamh Dé, meallfaidh sé sin tuilleadh daoine le teacht isteach san MGO féin chun freastal ar an éileamh nó ar an ngá le múinteoirí ag leibhéal na hiar-bhunscoile.