Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Ms Lisa Nic Dhoinnl?ibhe:

In Institiúid Oideachais Marino. Tá sé saor in aisce. Cuireann muidne an t-airgead go léir ar fáil don chúrsa sin. Tá 34 ag teacht amach agus bhí ar gach uile dhuine acu siúd an cleachtadh múinteoireachta a dhéanamh sa Ghaeltacht so tá taithí acu i gcomhthéacs na Gaeltachta go háirithe. Mar a luaigh an tAire, de bharr go bhfuil dúshláin ar leith ann i dtaobh soláthar múinteoirí, tá 30 áit sa bhreis ann i mbliana. Beidh 60 mac léinn ag tosú in 2023-24 ach ní fheicfidh tú iad sin sa chóras go ceann ceithre bliana de bharr gur cúrsa ceithre bliana atá i gceist. Luaigh Jill Fannin an mháistreacht san oideachas. De ghnáth bíonn thart ar 30 ag dul isteach ansin agus cuireann sé feabhas ar an nGaeilge agus ar an muinín.