Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an méid sin, ní féidir gan a lua an rud atá ráite go minic agus go poiblí ag an Ollamh Ó Duibhir, atá ina stiúrthóir ar SEALBHÚ. Tá creimeadh ag tarlú an t-am ar fad ó thaobh na n-uaireanta maidir le teagasc na Gaeilge. Tá creimeadh ag tarlú an t-am ar fad. Ní dóigh liom go dtuigeann an pobal oideachais é seo, gan trácht ar an bpobal i gcoitinne. Dúirt sé go gcuireann sé "olc" air agus go mbraitheann sé "go bhfuil sé maslach a rá go bhfuil an t-am laghdaithe ach go dtiocfaidh feabhas ar chumas na ndaltaí". D'iarr sé conas is féidir glacadh leis sin. Tá easaontas láidir anseo ó thaobh an meon atá ag an Roinn agus an meon atá ag na saineolaithe atá taobh amuigh di.