Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Ms Lisa Nic Dhoinnl?ibhe:

Tá na sonraí againn maidir leis na scoileanna nár ghlac páirt. Gach uile bhliain téann muid i dteagmháil leis na scoileanna sin ag tabhairt deis bhreise dóibh teacht isteach sa scéim agus i mbliana tá scoil sa bhreis tar éis iarratas a chur isteach. Tar éis cúig bliana nó tar éis na scéime ina iomláine, tá scoileanna as an 27 sin fós ag breathnú ar na himlitreacha a sheoltar amach agus tá an deis sin fós acu. Tá sé i gceist againn leanúint ar aghaidh leis sin chun go mbeidh deiseanna ag na scoileanna sin teacht isteach. Bíonn COGG an-lárnach sa phróiseas sin. Bíonn siadsan i dteagmháil leis na scoileanna más suim leo agus más rud é go bhfuil siad ag iarraidh fiosrú a dhéanamh faoi chur isteach ar an aitheantas. Tá siadsan tar éis cabhrú leis an bpróiseas seo.