Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe. Bhí sé sin an-spéisiúil agus tá súil agam go dtiocfaidh rath éigin as. Guím gach rath ar an obair atá á déanamh ag na finnéithe, go háirithe an plean digiteach don Ghaeilge, má thagann sé i gceart agus má chuirtear an t-infheistiú ceart ann. Sin an príomhrud. Tá go leor smaointe ag daoine agus go leor doiciméad againn – bhuel, níl go leor ach tá roinnt. Tá na hacmhainní ag teastáil chun níos mó taighde a dhéanamh agus chun tograí a thosú agus a chríochnú. Tá súil agam go gcuirfidh an díospóireacht agus an plé inniu leis an eolas atá ag daoine amuigh ansin maidir leis an nGaeilge agus an teicneolaíocht, maidir leis an nGaeilge agus an tsochaí, agus maidir leis an ról atá ag an nGaeilge ann. Leis sin ráite, gabhaim buíochas arís leis na finnéithe a bhí os ár gcomhair inniu.