Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar iarinnealtóir, táim ag teacht ón taobh tech de. Feicim go bhfuil uirlisí iontacha ansin chun rudaí a bhrú ar aghaidh. Luaigh na finnéithe VR. Bhí deis agam é sin a phlé le grúpa i mo dhúiche le déanaí. Bhíodar ag féachaint ar shlite chun é a chur i bhfeidhm i gcomhair seomraí ranga agus go leor eile chun go mbeadh an experience sin ar fáil do dhaoine ag teacht isteach ann. Go minic, cuireann an-chuid de na comhlachtaí teicneolaíochta, má tá siad ar an bhfón nó ar an Idirlíon nó pé áit, deiseanna ar fáil chun rudaí a dhéanamh as Gaelainn. Tá an fón ar fáil, mar shampla, le settings as Gaelainn, agus uirlisí eile chomh maith. An bhfuil tuairimí ag na finnéithe mar gheall ar na huirlisí nó na deiseanna eile atá ann chun an teicneolaíocht a chur i bhfeidhm agus tacaíocht a thabhairt? Tá muidne ag féachaint ar an-chuid de na huirlisí agus á bhfoghlaim ach tá glúin eile ag teacht agus tá digital natives ann atá i bhfad níos compordaí leo. Beidh sé níos éasca orthu a ngnó a dhéanamh leo as Gaelainn nó i Spáinnis nó pé teanga a theastaíonn uathu. An bhfuil eolas ag na finnéithe ar na huirlisí eile teicneolaíochta a bheadh ar fáil chun deiseanna Gaelainne a thabhairt chun cinn ann? Braithim go minic go bhfuil sé níos cabhraí má thagann dream éigin ón taobh amuigh ag féachaint isteach. Luaim go minic na supermarkets. Tháinig Aldi agus Lidl chuig an tír seo agus ní raibh focal Gaelainne acu. D’fhéachadar isteach ar an margadh a bhí ann agus thuigeadar go raibh suim againn inár dteanga féin agus chinntíodar go raibh comharthaí as Gaelainn sna siopaí. Ní raibh na siopaí Éireannacha toilteanach ina leithéid ach chonaic an dream ón taobh amuigh é. Feictear é sin le Wetherspoons, Lidl agus go leor dreamanna eile. Go minic bíonn an dearcadh ón taobh amuigh níos cabhraí ná daoine a deir “oh sure it is the way they taught us” agus atá an nimh sin ina n-intinn acu. Bheadh suim agam cloisteáil ó na finnéithe mar gheall air sin.