Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Professor P?draig ? Duibhir:

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus is deas bualadh leis arís. Tagaim go hiomlán leis go mbeadh sé go hiontach tacú leis an nGaeilge sna réamhscoileanna. Tá sé spéisiúil go bhfuil daoine ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus ag iarraidh iad a chur chuig naíonraí. An fhadhb a bhíonn acu ná go bhfuil siad ag obair agus nach mhaireann an naíonra ach ar feadh dhá uair nó dhá uair go leith ar maidin. Is cúram leanaí trí Ghaeilge atá ag teastáil. Aontaím leis an Teachta ach tá níos mó ná an réamhscoil i gceist. Baineann sé le cúram leanaí. Mar shampla, má tá mise ag obair ó 8 a.m. go dtí 6 p.m. nó 8 p.m. nó cibé uair beidh mé ag lorg duine éigin a thabharfaidh aire do mo pháiste trí mheán na Gaeilge ar feadh an lae. Teastaíonn réamhscoileanna mar aon le cúram leanaí, agus buíochas le Dia tá siad sin againn i go leor de na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil na haonaid chúram leanaí ann.

Tagraím do chumasú na stiúrthóirí. Mar a deir an Teachta, tá gá le clár ansin mar go mbíonn sé deacair do na naíonraí cúntóirí agus mar sin de a earcú a bhfuil Gaeilge líofa acu. Arís, mar phlean, mar atá á lorg ag Conradh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil, bheadh sé sin mar chóras agus bheadh sé bunaithe ar an bpobal timpeall ar an scoil, is é sin an réamhscoil, an Gaelscoil, an Gaelcholáiste agus mar sin de. De réir mar a bheadh daoine ag teacht amach as an nGaelcholáiste, bheadh fostaithe ansin a bheadh sásta dul ag obair san earnáil ag na leibhéil eile.

Tá an seanphort a leanas agam.

Caithfimid an sprioc a bheith againn níos mó Gaelscoileanna a bhunú. Tá an t-éileamh ag teacht ó na tuismitheoirí. Tá feachtas ann do Ghaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá an tAire Oideachais tar éis a rá, "No" agus nach bhfuil an Roinn sásta.

Tá na bunscoileanna plódaithe. Is é an rud atá ag tarlú anois ná go bhfuil tuismitheoirí ag rá, nuair atá páistí i rang a trí nó rang a ceathair, nach fiú dóibh smaoineamh faoi Ghaelcholáiste mar níl siad ann. Tá an t-éileamh níos mó ná mar atá á léiriú agus tá sé ag teacht amach trí anailís atá ar siúl agam don Roinn Oideachais ar an bpolasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá tuismitheoirí ag rá nach fiú dóibh smaoineamh air mar níl na háiteanna ann. Tá siad 40 km uathu nó lán cheana féin.

Tá an-chuid go bhféadfadh leis an Stát a dhéanamh chun cuidiú leis an éileamh ón talamh leis an oideachas trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Tagaim go hiomlán leis an Teachta. Tá 92% de na bunscoileanna ag múineadh trí mheán an Bhéarla; tá 96% de na hiar-bhunscoileanna ag múineadh trí mheán an Bhéarla. Ba cheart dúinn a bheith ag tógáil ar an rud atá ag obair agus ag cabhrú leis na daoine eile. Mar a léirigh an Teachta dúinn, go hiontach, d'éirigh leis filleadh ar a thuras teanga agus chabhraigh an tumoideachas go mór leis in Oideas Gael, is dócha, agus in áiteanna eile. Thug sé faoin dúshlán go hiontach. Eiseamláir don phobal a bhí ann.

Tá sé an-suimiúil domsa a bheith ag éisteacht leis an Dr. Lynn. Tá cur amach agam, beagáinín, ach tá go leor foghlamtha agam féin inniu as an teicneolaíocht. D'fhéachfainn ar an teicneolaíocht mar uirlis foghlamtha ach mar ghléas le húsáid leis an teanga a úsáid. Bíonn na fóin in úsáid againn. Bíonn na páistí ar an iPad agus mar sin de. Má tá acmhainní, cluichí agus rudaí ar fáil i nGaeilge, tá siad ag úsáid na teanga lasmuigh den seomra ranga ach d'fhéadfadh sé a bheith ina uirlis foghlamtha agus mar a deir an Dr. Lynn, d’fhéadfadh sé a bheith mar chuid de CALL, computer-aided language learning. Chabhródh infheistíocht sa teicneolaíocht ó thaobh na Gaeilge de. Chabhródh sé leis an gcóras oideachas ach chabhródh sé ansin an Ghaeilge a thabhairt lasmuigh den chóras oideachais, rud atá an pobal ag iarraidh, tríd an suirbhé ag Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann.