Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé deas an Dr. Lynn, an Dr. Seoighe agus an tOllamh Ó Duibhir a fheiceáil arís. Tá an díospóireacht seo iontach suimiúil. Is iad na spriocanna atá againne ná na rudaí cruthaitheacha sa chomhrá. Ba mhaith liom tuairimí na bhfinnéithe faoin cheist mhór sa tír, is é sin cad a thagann ar dtús, an teicneolaíocht ná an Ghaeilge? Tá mé ag smaoineamh faoi na Gaelscoileanna, na Gaelcholáistí agus na scoileanna lán-Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta agus tá siadsan ag bogadh ar aghaidh agus ag éirí níos láidre. Ó a tháinig an tumoideachas isteach i 2015 sna ceantair Ghaeltachta tá na scoileanna sin in áit iomlán difriúil. Mar shampla, bhí mé i mo pharóiste cúpla seachtain ó shin, i Scoil Naomh Bríd, Na Dúnaibh, agus bhí achan scoláire ag labhairt na Gaeilge. Bíonn siadsan ag obair ar chúrsaí teicneolaíochta agus cruthaíochta istigh sa scoil. Cad a thagann ar dtús; an sicín nó an ubh? An dtagann an teicneolaíocht ar dtús nó an dtagann an Ghaeilge ar dtús?

Tá mise i gcónaí ag smaoineamh faoi na scoileanna lán-Bhéarla. Sin an dúshlán. Níl mé chun an focal "fadhb" a úsáid. Tá an dúshlán sna scoileanna lán-Bhéarla atá ag foghlaim Gaeilge ar feadh cúpla uair sa tseachtain. Sin an dúshlán is mó agus tá FEÉ ag déanamh taighde iontach tábhachtach agus taighde den scoth. An bhfuil aon léargas nó taighde ag teacht amach as an obair atá FEÉ ag déanamh faoi na réamhscoileanna? B'fhéidir go bhfuil léargas ag teacht faoi thumoideachas sna réamhscoileanna in achan páirt den tír. Sin cheist fá choinne na Roinne Oideachais agus cúrsaí polasaí. Tá mé ag smaoineamh ar ais go dtí 2014 nuair a tháinig mé isteach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhí mé ag smaoineamh faoi na daoine uilig sna tithe tábhairne agus timpeall na tíre agus an bealach is fearr iad a chur ag labhairt, agus i mo thuairimse is é an bealach is fearr – an bealach amháin - ná an tumoideachas.

Tá dúshlán sna scoileanna lán-Bhéarla gan dabht agus tá mé iontach dáiríre fá choinne an dúshláin sin. Bheadh sé go maith dá mbeadh na hacmhainní ann fá choinne na réamhscoileanna agus cúpla bliain sna bunscoileanna, b'fhéidir i naíonáin bheaga agus i naíonáin sinsearacha, ag úsáid na teanga Gaeilge sa tumoideachas amháin agus ag déanamh deiseanna fá choinne chúrsaí cruthaitheach fá choinne na daoine óga. Is iad na daoine atá ag déanamh agus ag tógáil na teicneolaíochta trí Bhéarla ná na daoine óga sna hollscoileanna agus iad siúd atá ag teacht amach as na meánscoileanna. Bheadh sé go maith dá mbeadh siad ábalta an Ghaeilge a úsáid mar theanga amháin. Tá an Dr. Lynn ag déanamh an nasc idir an Ghaeilge agus cúrsaí nádúrtha. Bheadh sé go maith dá mbeadh siad ag déanamh plean fá choinne an chomhthéacs agus na rudaí ábhartha. Dá mbeadh na daoine óga ag teacht go dtí na bunscoileanna agus go dtí na meánscoileanna agus gan a bheith ag déanamh na Gaeilge ach ar feadh cúpla uair in aghaidh na seachtaine, ní bheidh muid ar an bhealach ceart amach anseo. Sin an dúshlán dáiríre atá ann.

Bím ag labhairt leis na daoine óga sna mbunscoileanna agus sna meánscoileanna agus bíonn siad i gcónaí ag rá nach mbíonn an Ghaeilge ábhartha, nach mbíonn an comhthéacs ceart, nach bhfuil siad ag labhairt Gaeilge lena chéile taobh amuigh den seomra ranga agus nach mbíonn siad ag labhairt Gaeilge agus iad ag imirt spóirt ná i mbun cúrsaí sóisialta ar nós a bheith ag dul go cóisir bhreithlá a gcairde agus rudaí mar sin. Sin an fhadhb agus is é mo thuairim gurb é an chéad bhealach ná a bheith ag amharc agus ag breathnú ar na réamhscoileanna agus a bheith ag cur na hacmhainní agus an brú istigh sna réamhscoileanna.

Na daoine atá ag obair sna réamhscoileanna, b'fhéidir gurb iad stiúrthóirí nó ceannairí sna réamhscoileanna, agus níl Gaeilge acu. B'fhéidir go bhfuil ról ann fá choinne na n-ollscoileanna, mar shampla Institiúd Oideachais Marino nó DCU, atá na finnéithe ag obair leo agus ag déanamh rudaí dearfacha. Tá níos mó obair le déanamh in DCU fosta ach b'fhéidir go mbeidh plean úr le slat tomhais fá choinne na n-acmhainní a chur isteach sna hollscoileanna atá freagrach as múineadh na ndaoine atá ag múineadh sna réamhscoileanna i dtús báire. Tá mé ag lorg tuairimí na bhfinnéithe faoi sin.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe fá choinne achan rud mar tá an t-eolas agus na sonraí agamsa thar na blianta faoin sárobair atá déanta agus faoin obair atá na finnéithe ag déanamh. Tá an taighde agus an léargas sin iontach tábhachtach.