Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go breá. Ní fheicim aon lámh eile suas. Tá cúpla ceist agam féin. Ba chomhrá spéisiúil é seo nuair a thosaíomar ag bogadh ó aon mhilleán go bunúsach a leagan ar an gcóras oideachais agus a aithint nach féidir leis an gcóras oideachais gach rud a dhéanamh, agus an am céanna a admháil go gcaithfidh an córas oideachais an méid atá roimhe a chomhlíonadh. Ní raibh sé i gceist ag ár bhfinnéithe in aon chor é sin a rá ach go mbeadh an teanga níos feiceálaí agus le cloisteáil níos mó.
Is í seo ceist eile dár bhfinnéithe. Thar na blianta, dom féin go háirithe, bhí na daoine a bhí timpeall orm den tuairim gur teanga sheanfhaiseanta bhí sa Ghaeilge agus nach bhféadfadh sí déileáil leis an eolaíocht nó leis an mhéid atá in ann don saol nua-aimseartha. Conas is féidir linn é seo a cur ina luí ar an dream óg, agus ar Bhéarlóirí go háirithe? Tá an córas críochnaithe den chuid is mó ag Gaeilgeorí agus tuigeann siad céard atá i gceist má tá a gcuid oideachais faighte acu trí Ghaeilge. Athraíonn cúrsaí, ámh, ar an gcéad leibhéal eile. Tagann ísliú stádas ar an teanga dá réir.
Is é ceann de na rudaí móra ar gá a aithint ná gur teanga nua-aimseartha í. Bíonn daoine ag gáire fúm nuair a bhím ag rá go minic nach dtuigim gach rud atá ar mo fhón má tá sé as Gaeilge. Bítear ag féachaint ar logainmneacha nach mbeadh ar eolas agamsa as Gaeilge. Bím ag iarraidh teacht ar áit, fiafraím díom féin céard é sin agus bíonn sé deacair orm mar níl na logainmneacha sin á lua chomh minic agus ba chóir, ionas go mbeidís ar eolas agam nó ag daoine eile.
Is ait le mo lucht aitheantais go bhfuil Google Maps, mar shampla, ann as Gaeilge. Is comhartha mór é sin agus is dóigh liom go bhfuil na treoracha ar an bhfón as Gaeilge go minic. Conas is féidir é sin a dhéanamh ach, i ndáiríre, tá sé simplí.
Is é ceann de na rudaí móra maidir leis an teicneolaíocht ná gur chóir go mbeadh rudaí i bhfad Éireann níos éasca do theangacha agus más féidir linn a bhrú ar dhaoine na teangacha sin a úsáid. Measaim gur luaigh an Dr. Lynn nó, b'fhéidir, an Dr. Seoighe sn scéal ó thaobh an Aontais Eorpaigh de. Thar na blianta bhí an tAontas Eorpach ag tabhairt cosaintí, nó ag lua go mba chóir a leithéidi a bheith ann, do mhionteangacha. An mbeidh cosaintí nó deontais bhreise ag teacht ón Aontas Eorpach nó an mbeidh cur chuige breise ann chun a dhéanamh cinnte de nach mbeidh na mionteangacha thíos leis de thairbhe go bhfuilimid ar fad ag bogadh i dtreo an Bhéarla ar shlí amháin.
Caoga bliain ó shin, bhí an Fhraincis i bhfad Éireann níos mó i réim agus is cuimhin liom a bheith ar scoil nuair a bhí daoine ag labhairt Fraincise, Sínise nó Spáinnise ach, thar thréimhse an-ghairid, tá athrú iomlán déanta ag an mBéarla ar an staid atá ann anois. Nuair a rachfaí thar lear i mbeagnach gach uile thír 20 nó 30 bliain ó shin d'fhoghlaimeofaí roinnt den teanga sna ceantair sin chun go mbeifeá in ann comhrá a dhéanamh. Ní gá é sin anois den chuid is mó toisc go bhfuil an Béarla in a lán áiteanna agus tá an smacht ó thaobh na teanga de aige. Ba chóir dúinn, más féidir, níos mó a fháil ó thaobh na teicneolaíochta nua de. Fágfaidh mé an cheist sin don Dr. Seoighe nó don Dr. Lynn mar níl a fhios agam cé acu atá ag iarraidh an cheist sin a fhreagairt.