Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm nach raibh mé i láthair ag tús an chruinnithe. Ba bhreá liom cur leis na ceisteanna a chur mo chomhghleacaí an Teachta Connolly. Measaim gurb é seo bunchloch na ceiste laistiar den chur agus cúiteamh ansin.

Is í sin, an bhfeictear don fhondúireacht gur rogha stíl mhaireachtála atá sa Ghaeilge nó suim a chur inti? An í an Ghaeilge rud atá an eagraíocht sásta cabhrú léi chomh fada is gur gá di a ndualgais a chomhlíonadh sa mhéid is a chuireann an dlí an dualgas sin orthu? An samhlaíonn an fhondúireacht go bhfuil dualgas ar an saoránach agus go bhfuil dualgas de shaghas éigin ar an té a thoghann an fhondúireacht go gcuirfeadh siad suim sa Ghaeilge, agus go mbeadh deiseanna acu, tar éis tréimhse áirithe ama, cur lena chuid Gaeilge? Sa saol mar atá sé inniu, táimid ag fáil teachtaireachtaí an t-am ar fad ón Rialtas agus ón maorlathas sa tsochaí, bíodh sibh i bhfabhar é seo nó i gcoinne é siúd. Ní hé nach bhfuil aon teachtaireachtaí poiblí ag gabháil timpeall. An bhfuil teachtaireacht bhunúsach ag eagraíocht ár bhfinnéithe go bhfuil an dualgas ar an saoránach suim a chur sa Ghaeilge? An bhfuil sé sin á fhógairt aici i ngach bealach ar féidir é sin a dhéanamh nó an mbeadh an eagraíocht sásta go mbeadh bunpholasaí aici go gcuireann sí, mar eagraíocht, suim sa Ghaeilge? An molann an fhondúireacht í do gach duine agus an dtugann sí dreasachtaí dóibh siúd chun cabhrú leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge? Go bunúsach, an gceapann an eagraíocht nach ach rogha stíl mhaireachtála atá ann nuair a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh an saoránach suim sa Ghaeilge, de réir a dtoil féin?