Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Professor P?draig ? Duibhir:

Is dóigh liom go bhfuil sciar suntasach den phobal gur mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid. Tá sé éasca a rá gur mhaith linn go múinfidh é sna scoileanna. Ní bhaineann sé linne. Baineann sé leis na páistí agus cuirimid an t-ualach ar na múinteoirí agus ar na páistí an Ghaeilge a choinneáil beo. Táimid ag lorg daoine atá sásta a bheith gníomhach nó gníomh éigin a dhéanamh ar son na Gaeilge. Dá mbeadh tuilleadh taighde le déanamh le daoine, bheidís ag iarraidh orthu cén áit ina samhlóidís iad féin a bheith ag úsáid na Gaeilge. Dá mbeadh an Ghaeilge acu, cá háit ina samhlóidís a bheith ag úsáid na Gaeilge? Is é an áit is tábhachtaí ná sa teaghlach. Is é sin an áit is fusa mar go bhfuil smacht éigin ag daoine ar an teaghlach, má tá go leor Gaeilge thart. Bheadh daoine ag úsáid Gaeilge lena gcuid páistí agus go leor de na tuismitheoirí a chuireann páistí chuig scoileanna lán-Ghaeilge, ba mhaith leo é sin a dhéanamh. Tá smacht éigin ansin chun an Ghaeilge a normalú. Is lasmuigh den teach ansin atá an dúshlán.

Luaigh mé cúrsaí spóirt. Is sampla an-mhaith é na Gaeil Óga. Tá go leor iarrachtaí á ndéanamh ag pobal i dTuaisceart Éireann, amhail Carn Tóchair. Tá iarracht a dhéanamh cineál Gaeltachta nua a chur ar bun. Caithfear pobal a chruthú. Is dócha go bhféadfaí pobal a chruthú mórthimpeall scoileanna, ach nuair a thagann sé chuige, mar a luadh sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, níl an normalú á dhéanamh ar an teanga. Tá sé sin nádúrtha. Cé go bhfuil Gaeilge á labhairt i seomra ranga, chomh luath agus a théann na daltaí sin amach geataí na scoile, níl sé normálta an Ghaeilge a labhairt.

Is dóigh liom go raibh Máirtín Ó Murchú, timpeall 50 bliain ó shin, ag caint faoin débhéascna, an diglossia, is é sin, go mbeadh réimsí áirithe den saol ina labhraítear Gaeilge. Is é ceann de na rudaí a chabhraigh leis an mBreatain Bheag gur fhan na heaglais sa Bhreatain Bheag dílis don Bhreatnais.

Mar theanga phobal sna heaglaisí, bhí an Bhreatnais in úsáid. Ag am ina raibh sí faoi chosc sna scoileanna, d’fhan na heaglaisí dílis di. Bhí gné amháin den saol ina raibh an Bhreatnais ag teastáil agus inar coinníodh an Bhreatnais. Mar a dúirt an Dr. Lynn ansin, is tríd an teicneolaíocht atáimid ag dul i ngleic leis an saol anois. Seans go bhfuil rud éigin a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta agus an Ghaeilge. Le Zoom agus gach aon rud ní gá dúinn a thuilleadh a bheith ag teacht go dtí imeachtaí pobail ach b’fhéidir go bhfuil saol fíorúil trí Ghaeilge gur féidir linn a chaitheamh ag teacht le chéile i mbealaí eile. Tá mo chuid ama caite ar conas gur féidir linn an Ghaeilge a mhúineadh níos fearr sna scoileanna ach is dóigh liom go gcaithfidh mé aird a tharraingt ar an tsochaí freisin. Go dtí go bhfuil freagraí níos fearr nó fís níos fearr againn sa tsochaí, ní dóigh liom go mbeidh rath riamh ar an obair atáimid ag iarraidh a dhéanamh sa chóras oideachais. Is dóigh liom go bhfuil rudaí ag éirí níos laige mar nach bhfeiceann daoine toradh ar a gcuid oibre. Sin an áit a bhfuil an fhadhb. Dá bhféadfaimis teacht ar réimse den saol ina bhféadfaí úsáid na Gaeilge a normalú, bheadh linn, ach níl an freagra sin agam.