Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá easpa muiníne ag Fintan Towey as ár gcumas rudaí a léamh. Ná bí buartha; déanaimid ár ndícheall. Bheadh sé an-chabhrach an tuarascáil a léamh. Bheadh sé an-chabhrach chomh maith briseadh síos a bheith againn. Tá 547 sráidbhaile nó lonnaíocht luaite san anailís agus tá sé ráite nach bhfuil córas ag cuid acu. Bheadh sé an-chabhrach dá gcuirfí an figiúr sin ar fáil.

Críochnóidh mé ar phointe faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé seo. Tá An Cheathrú Rua i gcroílár na Gaeltachta agus níl córas fuíolluisce ann beag nó mór. Sa bhliain 2023, tá an ceantar gan aon chóras. Tá impleachtaí tromchúiseacha i gceist maidir leis an easpa infreastruchtúir, mar is eol do na finnéithe, agus tá sé seo ar fud an cheantair. Tá easpa uisce le hól i gCeantar na nOileán. Tá fadhbanna leis an gcóras séarachais in Árainn agus araile. Cén monatóireacht atá á dhéanamh ag an Roinn ó thaobh na Gaeilge de chun a chinntiú go bhfuil an t-infreastruchtúr atá riachtanach sna Gaeltachtaí uilig ar fud na tíre? Tá sé seo i gcomhthéacs na ndualgas atá ar an Roinn i leith na teanga, i measc dualgas eile.