Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faigheann thart ar 85% den phobal leas as uisce poiblí. Tá 6% ansin faoi ghrúpscéimeanna agus 10% atá ag brath ar thoibreacha nó srutháin nó ar bhealaí eile le huisce a fháil. As an €1.65 billiún sin - glacaim leis go bhfuil gar do €2 billiún i gceist nuair atá gach rud curtha san áireamh - cé mhéad a chaitear ar uisce agus cé mhéad a chaitear ar shéarachas nó fuíolluisce? Sin í an cheist mhór. Bheadh mé den bharúil go bhféadfadh sé a bheith chomh hard le 3:1 i bhfabhar caiteachas ar shéarachas, fiú go bhfuil stráicí móra millteacha den tír nach bhfaigheann aon bhuntáiste as aon chuid den chaiteachas sin. Go minic labhraítear faoi chostas na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin tuath ach tá go leor seirbhísí nach bhfuil ar fáil faoin tuath. Iarraim ar Fintan Towey briseadh síos a thabhairt den airgead sin mar bheadh sé thar a bheith cuiditheach. Bheinn buíoch dá bhféadfadh sé deimhniú dúinn go gcuirfidh sé liosta ar fáil de na bailte Gaeltachta atá molta faoin gclár speisialta ar thug an tAire isteach anuraidh.
B'fhéidir go bhféadfadh Fintan Towey soiléiriú a thabhairt dom maidir leis seo. Bhí sé le tuiscint agam ó Uisce Éireann nach bhfuil an t-airgead acu, fiú má tá an chumhacht acu, le scéimeanna séarachais a chur isteach i mbailte nach bhfuil séarachas poiblí dá laghad iontu. An bhfuil Fintan Towey ag rá liom go bhfuil Uisce Éireann ag cur scéimeanna séarachais isteach, as a gcuid foinsí féin, i mbailte beaga nach bhfuil scéimeanna séarachais iontu cheana féin? Aon uair a d'iarr mise ar Uisce Éireann é sin a dhéanamh, dúirt siad nach raibh aon airgead acu chun é a dhéanamh.