Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Léigh mé an cháipéis a chur na finnéithe ar fáil inné, le fíorspéis. D'fhógair an tAire scéim deontais anuraidh le haghaidh bailte beaga agus sráidbhailte. An bhféadfaí a rá linn cé mhéad baile Gaeltachta a fuair tairbhe as an scéim sin anuraidh? Ar ndóigh, is faoi bhailte Gaeltachta atáimid ag caint. An nglacfaí leis go bhfuil an scéim seo dírithe ar na bailte is mó a bheadh in aon chontae, nach bhfuil scéim séarachais ann? Ar thaobh amháin de scéal, is í an áit ar mhair an Ghaeilge, ar chúis éigin, ná na háiteanna atá scoite amach, leis an daonra is lú agus méid is mó bailte beaga. Níl oiread agus baile amháin láidir a bhfuil an Ghaeilge in uachtarán ann, fiú sa Ghaeltacht. Ar an taobh eile den scéal, ar an gcaoi go bhfuil an scéim leagtha amach, de réir mar a thuigim, tá an chontúirt ann go ndéanfar na bailte móra nach bhfuil scéimeanna séarachais iontu, i dtosach.

I gcomhthéacs slánú na teanga, tá mar pholasaí uilíoch ag an Rialtas, trasna gach uile rannóg agus Roinn agus go mór mór ag an Aire, a bheith tiomanta i dtreo na Gaeilge. An bhfuil i gceist breathnú ar an scéim seo le déanamh cinnte go bhfaigheadh oileáin agus bailte beaga cothrom na féinne as an scéim seo? An bhfuil an ceart agam, is é sin, in áit nach bhfuil scéim séarachais - taobh amuigh den scéim seo agus de na deontais thar a bheith beag a chaitear ar athchóiriú d'acmhainní séarachais agus scéimeanna eisiúintí príobháideacha - nach gcaitheann an Roinn aon airgead, go díreach nó go hindíreach, trí Uisce Éireann, ar shéarachas don phobal tuaithe? An bhféadfadh leis na finnéithe a rá liom ar deireadh cé mhéad a chaitear - ón gcáiníocóir - ar shéarachas sa tír, trí dheontas chuig Uisce Éireann, nó go díreach ag an Roinn in aon bhliain amháin? Tógfaidh mé an bhliain seo caite mar shampla.