Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceathrar comhalta i láthair, Teachta agus Seanadóir san áireamh. Mar sin, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 3.30 p.m. más gá. Níl aon leithscéal faighte agam go fóill. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon comhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú. Cuirim fáilte dár ndóigh roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt linn inniu agus chomh maith le sin, roimh an lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais. Mar ionadaithe thar cheann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, fearaim fáilte roimh an rúnaí cúnta i rannán an uisce, Fintan Towey; an príomhoifigeach, Douglas Kelly; an príomhoifigeach cúnta in aonad an uisce thuaithe, Belinda Ní Threasaigh; agus an príomhoifigeach cúnta, Luke Varley. Tá na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar ábhar na cruinnithe inniu, sé sin, riachtanais bailithe agus cóireála fuíolluisce atá ag sráidbhailte agus lonnaíochtaí sa Ghaeltacht nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhíse fuíolluisce poiblí le gairid, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin má tá siad ag freastal ar an cruinniú go fíorúil.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaigh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith le sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin má eisítear é.

Anois, sin deireadh leis na rialacha. Mar sin, is féidir linn tús a chur tús a chur leis an bplé i gceart. Iarraim ar an rúnaí cúnta, Fintan Towey, ráiteas tosaigh a dhéanamh.