Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 January 2023

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Future of the Media Sector: Discussion

Mr. Alan Esslemont:

I will deliver my opening statement in Irish, given I understand that members have received an English language explanation and that simultaneous interpretation facilities have been made available.

Is é an t-éacht aonair is mó a rinne in Éirinn maidir le éagsúlacht dhomhanda ná a teanga féin a sheachadadh ó ghlúin go glúin mar theanga bheo na dteaghlach agus na bpobal. Is í ár dteanga, an teanga Ghaeilge, an bronntanas is luachmhaire a bhronn muid ar éagsúlacht na cruinne seo agus tá sé de phribhléid agus de fhreagracht ar gach glúin Éireannach teanga na hÉireann a chothabháil mar chuid den éiceachóras domhanda teanga agus den éagsúlacht dhomhanda teanga.

Ainneoin a seasamh bunreachtúil, feidhmíonn an Ghaeilge mar mhionteanga agus, cosúil le gach mionteanga, tá sí i mbaol language shift nó athrú teanga, an próiseas trína n-aistríonn pobal labhartha teanga ó theanga amháin go dtí teanga eile. I gcomhthéacs "athrú teanga", rangaíonn UNESCO anois an Ghaeilge mar theanga atá "definitely endangered".

Tá todhchaí na Gaeilge ag brath ar an bParlaimint seo agus ar iarrachtaí an Stáit seo cur go láidir in aghaidh athrú teanga, agus gníomhaíocht ar son na héagsúlachta teanga a choinneáil ag croílár a chuid straitéisí agus polasaithe.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair an Rialtais seo maidir le TG4 a láidriú agus, go háirithe, buíochas a ghabháil leis an Aire, Teachta Catherine Martin, as a tacaíocht thar na trí bhuiséad dheiridh. Mar sin féin, tá TG4 fós i bhfad chun deiridh ar chraoltóirí mionteangacha Eorpacha eile ó thaobh maoinithe agus scála de, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag nó EITB i dTír na mBascach. Is é S4C an cainéal mionteanga is cosúla le TG4 ach tá a bhuiséad iomlán faoi dhó níos mó ná buiséad TG4.

Tá muid an-bhródúil in TG4 as an méid atá bainte amach againn le cúpla bliain anuas. Luadh cheana an Coimisiún um Thodhchaí na Meán a bhfuil an-tábhacht leis. Is é moladh 7-2 ó Choimisiún na Meán sa Todhchaí ná:

Ba chóir don BAI/Coimisiún na Meán athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus ábhair Ghaeilge ar fud chóras na meán ina leagfar béim ar struchtúir institiúideacha agus deiseanna maidir le nuálaíocht agus comhoibriú. Ba chóir go mbeadh moltaí san athbhreithniú seo, atá le tabhairt chun críche laistigh de 18 mí, maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge a fheabhsú.

Molann TG4 go ndéanfaí an t-athbhreithniú cuimsitheach seo go tráthúil agus táimid an-sásta leis an scéal go bhfuil plean anois ann na moltaí maidir le Coimisiún um Thodhchaí na Meán a thabhairt ar aghaidh.