Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfimid ceist arlogainm.ieteacht os ár gcomhair. Toisc go bhfuil Eircode chomh lárnach sin anois do dhaoine nuair atá siad ag lorg áiteanna agus nuair atá siad ag déanamh gnó le háiteanna, caithfimid ceist a chur ar logainm.iemaidir leis an méid foirne nó acmhainní atá dírithe ar dhéanamh cinnte de go bhfuil na seoltaí atá ag na finnéithe cruinn agus nach bhfuil botúin ag tarlú, le gur féidir leis an database a bheith go hiomlán cruinn agus gur féidir linn é a chuardach i gceart.

Dá bhféadfadh leis An Post iarraidh ar na fir agus mná poist timpeall na tíre beagáinín níos mó airde a thabhairt ar na comharthaí bóithre, bheadh sé sin i bhfad Éireann níos fearr don chóras. Tá roinnt bóithre i mBaile Átha Cliath a bhfuil trí bhealach difriúil le h-iad a litriú i mBéarla agus i nGaeilge. Is minic a bhíonn fear an phoist nua ar duty agus ní bhíonn tuairim ar bith aige. Má tá seoladh as Gaeilge, gan Eircode air nó, fiú, uaireanta, le Eircode air, bíonn sé deacair air teacht air. Níl an chuma air gur féidir leis glaoch a chur ar an oifig agus iarraidh uirthi cá bhfuil an áit agus a rá go bhfuil sé ar an liosta ach nach féidir leis teacht air. Níl clú ag aon duine. Is minic gur féidir teacht air trí fhéachaint ar Google Earth. Tá seisean in ann rudaí a dhéanamh níos tapúla ná an gnáthchód.

An bhfuil aon cheist ag aon duine eile? Sin críoch le chruinniú an lae inniu ach measaim nach bhfuilimid críochnaithe leis seo ina iomláine. Cuirfimid ceist ar nó litreacha chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,logainm.ieagus an Roinn a dhéanann an conradh seo a chur le chéile, bunaithe ar an eolas sin, chun teacht ar réiteach na faidhbe seo. Déanfaimid an cinneadh sin amach anseo. Tá cuid den fhadhb aitheanta againn ach níl an leigheas uirthi aitheanta againn.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe atá os ár gcomhair inniu: Dara Keogh agus Liam Irwin a bhí anseo thar ceann GeoDirectory; Cyril McGrane a bhí anseo thar ceann An Post; agus Alan Dignam, a bhí anseo thar ceann Eircode. Gabhaim buíochas leo arís as bheith linn.