Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá eisceachtaí ann ar bhealaí eile chomh maith. Tabharfaidh mé shampla don Teachta. Tá aithne ag gach duine ar Tigh Uí Chatháin ar an mBuailtín, Baile an Fheirtéaraigh. Má chuirim an Eircode isteach ar líne, is “Ballyferriter” a luaitear ann. Tá an teideal i nGaeilge agus tá sé i gceantar Gaeltachta ach ní thagann an Buailtín nó Baile an Fheirtéaraigh suas i gcuardach. Níl ach 50 teach san áit. Níl sé chomh mór sin. Níor tugadh Ballyferriter riamh air ach amháin ag lucht lasmuigh. Is pub áitiúil é a bhí ann i gcónaí. Tá a lán samplaí eile mar sin ann. B’fhéidir go dtiocfaidh sé suas má chuirtear an t-ainm Gaeilge isteach. Má chuirtear “Baile an Fheirtéaraigh” isteach, ní luaitear 50 seoladh. Má chuirtear “an Buailtín” isteach, luaitear áiteanna i gCorcaigh agus áiteanna eile, le haistriúchán Béarla ar an mBuailtín. Ní thagann “an Buailtín” suas in aon chor. Ní thugtar an t-aitheantas don cheantar sin. Má chuirtear "Ballyferriter" isteach i gcuardach, tagann sé suas gan fadhb ar bith. Tá rud éigin bunúsach mícheart leis seo.

Níl an locht ar na finnéithe dar ndóigh. Tá an locht ar orthu siúd a bhailigh an t-eolas ar an gcéad dul síos. Tá na finnéithe ag déileáil leis. Mar sin féin, tá siad ag rá linn go ndéantar 500,000 athrú ar an gcóras gach bliain. Níl a fhios agam cé mhéad de sin atá gafa le hathruithe maidir leis an nGaeilge. Sna trí chomhlachtaí atá os ár gcomhair, cé mhéad duine atá gafa lena chinntiú go bhfuil na hainmneacha sna ceantair Ghaeltachta taifeadta i gceart agus fiú lasmuigh de sin? Tá a fhios agam ó thaithí phearsanta go bhfaighim téacs uair sa mhí ag fiafraí díom cá bhfuil seoladh áirithe i mBaile Átha Cliath. Úsáidim Google Maps go minic agus bím in ann an t-eolas a fháil ach ní féidir le fear an phoist atá amuigh ar an tsráid teacht ar an eolas toisc nach bhfuil liosta de na sráidainmneacha ar fad i mBaile Átha Cliath atá i nGaeilge aige.