Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 July 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cloisim a bhfuil á rá ag Dara Keogh. Má leanaimid leis an sampla sin, tá sé soiléir go mbeadh an contae i nGaeilge agus go mbeadh Maigh Chromtha ar an líne roimhe sin agus ní Macroom agus go mbeadh Baile Mhic Íre ann agus ní Ballymakeery. Tá go maith má tá Apple ag teacht go Baile Bhuirne nó Baile Mhic Íre agus má chuirtear an seoladh Apple, Magh Réidh, Baile Bhuirne nó Baile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Contae Chorcaí air. Bheinn ag súil i gcónaí gur chinnte go mbeadh an seoladh as Gaelainn. Ní bheadh ach líne amháin a bhféadfadh aon Bhéarla a bheith i gceist leis. Ba chóir go mbeadh sé cruinn go mbeadh na línte eile go léir as Gaelainn.