Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 July 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim é sin ach tá an Coimisinéir Teanga ag déileáil leis an gceist seo ó 2015. Níl mé ag iarraidh go mbeidh gach rud curtha ina cheart thar oíche ach táimid ag caint faoi seacht mbliana. Maidir le moving parts, aontaím le Cyril McGrane ach cad é an tslat tomhais atá ag An Post? An féidir a rá linn go sonrach cad iad na rudaí atá bainte amach chun é seo a cheartú agus cad atá le déanamh?