Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte ón gCathaoirleach agus ón Seanadóir Ó Donnghaile. Fáiltím roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus aon chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais.

Sula ndéanfaimid ár mbreithniú agus ár n-obair ar an ábhar, ag spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge, tá orm fógra eile a dhéanamh maidir leis an dá ainmniúchán atá le déanamh ag an gcomhchoiste i gcomhair ceapacháin mar chomhlachtaí TG4.

Clerk to the Committee:

Tá léirithe spéise á lorg ag comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta de Thithe an Oireachtais ó dhaoine ar mhian leo go gcuirfear in áirithe iad agus an comhchoiste ag roghnú beirt chun bheith ina gcomhaltaí de bhord TG4. Faoi Alt 81(1)(b) den Acht Craolacháin, 2009, tá dhá fholúntas ar bhord TG4 le líonadh faoi láthair agus is faoin gcomhchoiste atá sé beirt iarrthóir oiriúnacha a mholadh don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach aon iarrthóir agus, de réir Alt 82(1) den Acht Craolacháin, 2009, caithfidh taithí nó inniúlacht a bheith aon iarrthóir ar cheann amháin, ar a laghad, de na réimsí seo a leanas: gnóthaí na meán, craolachán seirbhíse poiblí; léiriú ábhar craolta; teicneolaíocht meán digiteach; gnóthaí ceardchumainn; gnóthaí gnó nó tráchtála; nithe a bhaineann le forbairt na Gaeilge; nithe a bhaineann le míchumas, na healaíona, ceol, spórt nó cultúr; cúrsaí eolaíochta, teicneolaíochta nó comhshaoil; gnóthaí dlíthiúla nó rialála; agus ghníomhaíochtaí sóisialta, oideachais nó pobail nó gnóthaí Gaeltachta. Chomh maith leis sin, cé nach bhfuil sé riachtanach, beidh sé ina bhuntáiste ag iarrthóirí, más féidir leo aon taithí atá acu sna réimsí seo a leanas a léiriú: an teicneolaíocht; an nuálaíocht; an eagarthóireacht nó aon saineolas atá acu ar ábhar iomchuí ar leith; cúrsaí óige, spóirt, cultúir, ceoil, oideachais agus srl.

Chun iarratas iarrthóra a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord TG4 a bheith san áireamh, is gá don iarratas i litir nó ríomhphost atá sínithe agus dátaithe agus curriculum vitae iniata leis, a sheoladh chuig Eoghan Ó Cruadhlaoich, cléireach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Thithe an Oireachtais, Teach Chill Dara, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, nó eoghan.ocruadhlaioch@oireachtas.ie roimh 6 p.m., Dé Luain, 15 Lúnasa 2022. Ní ghlacfar le haon iarratas a gheofar i ndiaidh an dáta agus an ama sin. Ba chóir go mbeifí ar fáil chun agallamh ar líne le comhaltaí an chomhchoiste a dhéanamh, má chinntear air sin. Tá sé ar intinn ag an gcomhchoiste an bheirt a roghnóidh sé a ainmniú ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an gCéadaoin, 14 Meán Fómhair 2022. Má tá faisnéis bhreise ag teastáil ag iarrthóir, is féidir leis nó léi teagmháil a dhéanamh leis an gcléireach tríd an ríomhphost atá thuasluaite.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim go nglacfaimid leis an bhfógra seo, go gcuirfimid ar an suíomh Idirlín é agus ar stateboards.ieagus go n-eiseoimid preasráiteas ina leith.