Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé mar aidhm faoi uimh. 2 de mhír 7.4 ar leathanach 4 "úsáid na Gaeilge a chur chun cinn". Tuigim céard atá á rá ag Caroline Phelan nach bhfuil gach uile cheann acu ag dul chuig roinn phleanála na comhairle cathrach agus tuigim an jab atá á dhéanamh ag Gaillimh le Gaeilge. Mura bhfuil an mhonatóireacht sin ag tarlú sa chomhairle cathrach, b'fhéidir gurb é an rud ab fhiú a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn. Faoi láthair, má bhreathnaímid ar chathair na Gaillimhe, feicimid go bhfuil ardú ag teacht ar líon na ngnólachtaí agus mar sin de atá ag úsáid na Gaeilge ach caithfimid a chinntiú go leanann sé sin ar aghaidh. Is é sin an fáth go mbeadh sé go maith dá mbeadh monatóireacht ag tarlú ó tharla go bhfuil sé mar aidhm anseo.

Cloisim an méid atá á rá ag Caroline Phelan faoin ollscoil agus mar sin de. Tá suim agam i nGort na Coiribe agus an ceantar sin ar fad ar dheis nuair atá tú ag dul trasna an droichid. Nach bhfuil sé sin ar fad sa Ghaeltacht? Bheadh suim agam a fháil amach an raibh na finnéithe riamh i dteagmháil leis an ollscoil maidir le háit chónaithe do mhic léinn a bheadh i nGaeilge. Tá a fhios agam go ndéanann ollscoileanna éagsúla é sin.

Tá an ceart ag na finnéithe leis an méid atá á rá acu go bhfuil go leor Gaeilge sa chathair. Tá sé suimiúil an méid atá á rá acu go dtagann laghdú air sin nuair a bhreathnaímid ar an nGaeilge in úsáid taobh amuigh den earnáil oideachais. Don té a bhíonn ag dul ó cheann go ceann na cathrach, is beag comhartha a chuireann in iúl go bhfuiltear ag dul isteach nó amach as an nGaeltacht. Tá comhartha beag ar Bhóthar Chúil Each 100 slat tar éis óstán Pháirc Mhionlaigh ach tá Bóthar Áth Cinn uile, as Dún na Coiribe siar go dtí Baile an Dúlaigh sa cheantar Gaeltachta gan chomharthaí Gaeilge agus tá an rud céanna fíor faoi bhóthar Bhaile an Mhóinín in iarthar na cathrach. An bhfuil aon tionscnamh ar leith tógtha ag an gcomhairle chun teacht i dtír ar an stádas Gaeltachta sna ceantair sin? Is dócha go bhfuil daoine ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta sa chathair agus b'fhéidir nach bhfuil a fhios acu fiú gur ceantar Gaeltachta é.

B’fhéidir gur cheart breathnú air sin, mar shampla chun bród agus mar sin a mhúscailt i ndaoine. Deir an tuairisc maidir leis an chief executive’s opinion, “A socio linguistic review of the development plan is not proposed and is not a requirement of the legislation which governs the development plan process.” Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil na ceantair Ghaeltachta atá taobh istigh de limistéar na cathrach ar na réigiúin Ghaeltachta is laige sa Stát. I nGaeltacht oirthear na cathrach, mar shampla, níl ach 2.9% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den scoil, dar leis an daonáireamh 2016. Sin an figiúr is ísle sa Stát do limistéar Gaeltachta. Nach mbeadh athbhreithniú sochtheangeolaíochta an-áisiúil don chomhairle cathrach agus pleananna á leagan amach leis an meath teanga seo a stopadh?