Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Ms Úna Ní Eidhin:

Seo achoimre den ráiteas tosaigh iomlán atá seolta ar aghaidh chuig an gcomhchoiste cheana féin. Ní dhéanfaidh mise ach achoimre air agus má tá aon cheisteanna ag na baill táimid ar fáil anseo. Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann leis an gceantar Gaeltachta is mó sa tír a bheith lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus is mór againn é. Ceantar Gaeltachta is ea an dúiche idir Bhaile Chláir, atá ar an taobh thoir den chathair, agus Cloch na Rón in iarthar Chonamara, achar de thart ar 100 km, agus sa cheantar ó na hOileáin Árann ansin ó thuaidh go dtí an teorainn le Contae Mhaigh Eo. Tá an pobal is láidre sa tír ó thaobh labhairt na Gaeilge de lonnaithe i gContae na Gaillimhe freisin, sa cheantar idir Bhearna agus Carna den chuid is mó, na hOileáin Árann san áireamh.

Oidhreacht luachmhar faoi leith is ea teanga agus cultúr na Gaeltachta, agus aidhm náisiúnta atá ann an teanga agus an cultúr sin a chaomhnú agus a chosaint. Tá an aidhm sin cumhdaithe anois san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Beartas bunúsach de chuid an Stáit is ea an Ghaeilge a chaomhnú. An ról atá ag an údarás pleanála ná a chinntiú go mbíonn an fhorbraíocht cheart san áit cheart ag an am ceart, rud a rachaidh chun sochair do phobail agus don gheilleagar. Tá ról ríthábhachtach ag baint le cúrsaí pleanála ar chúiseanna éagsúla: na forbairtí atá ag teastáil agus áit dóibh a aithint; agus na ceantair ar chóir iad a chosaint nó a fheabhsú a aithint agus measúnú a dhéanamh ar chomh feiliúnach agus atá forbraíocht bheartaithe. Sa bhliain 2008, bhí Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an gcéad údarás áitiúil a rinne plean Gaeltachta, ó 2008 go 2018, a ullmhú. Ina dhiaidh sin, rinneadh athrú in 2018 ar phlean forbartha Chontae na Gaillimhe 2015 go 2021. Tá caibidil shaincheaptha maidir leis an nGaeltacht mar chuid de phlean forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 go 2028 anois agus tá an plean sin á cur le chéile faoi láthair.

Tá méid áirithe codanna beaga den tír ar an iomlán ainmnithe mar cheantair Ghaeltachta. Is é tuairim Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach foláir an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ó thaobh na teanga de. Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil laghdú tagtha ar an daonra in áiteanna éagsúla sa Ghaeltacht. Déantar tionchar tograí forbraíochta sa Ghaeltacht a mheas ó thaobh an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe aon fhorbraíocht chuí i gceantar na Gaeltachta a mheas ar bhonn dearfach chun tacú leis an nGaeltacht. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair ar bhonn leanúnach leis na gníomhaireachtaí cuí agus comhlachtaí Stáit chun Gaeltacht agus oileáin na Gaillimhe a chosaint.

Aithníonn an chomhairle gur teanga bheo í an Ghaeilge agus an tábhacht a bhaineann leis an teanga a chaomhnú agus, san am céanna, timpeallacht a chruthú ina mbeidh an teanga in ann fás sna pobail sin. Tá a bpleananna lonnaíochta agus léarscáileanna féin ag cuid de na bailte móra agus sráidbhailte atá suite sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an ordlathas lonnaíochta a thugtar i gcaibidil a dó, an chroístraitéis inár bplean forbartha, an straitéis lonnaíochta agus an straitéis tithíochta. Tá Bearna agus Baile Chláir sa phlean straitéiseach nua don cheantar cathrach. Tá Maigh Cuilinn sa chatagóir le haghaidh bailte beagfháis agus tá an Cheathrú Rua agus an Spidéal sa chatagóir le haghaidh sráidbhailte beagfháis. Tá na bailte móra agus sráidbhailte sin go léir le fáil in imleabhar a dó de dhréachtphlean forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 go 2028. Tá ról tábhachtach ag na bailte móra sa metropolitan area strategic plan, MASP, agus ag an gcatagóir le haghaidh bailte beagfháis i dtaca leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil iontu in aice le cathair na Gaillimhe. Meastar gur lonnaíochtaí tuaithe iad an chuid is mó de na lonnaíochtaí a aithnítear sna sráidbhailte beagfháis, ach is seirbhísí tábhachtacha iad don phobal áitiúil mar gheall ar na háiseanna atá iontu cheana féin: scoileanna, siopaí, tithe tábhairne agus oifigí poist ina measc.

Aithníonn an chomhairle an infheistíocht shuntasach, idir gheilleagrach agus sóisialta, atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe le blianta beaga anuas. Beidh áiseanna mar líonra digiteach na Gaillimhe, Gteic, ina n-ionaid nuálaíochta agus chruthaitheachta, go háirithe chun gnólachtaí nua a spreagadh agus chun gnólachtaí nuathionscanta ardacmhainneachta a mhealladh chomh maith le cianoibrithe a thabhairt ar ais go dtí a gceantar dúchais. Leanfaidh an chomhairle ar aghaidh ag tacú le hÚdarás na Gaeltachta a ról a chomhlíonadh mar ghníomhaireacht forbartha don réigiún seo.

Aithníonn an chomhairle an tábhacht a bhaineann le gréasán náisiúnta Gteic. Leis an mbonneagar sin, cuirtear ar a gcumas do dhaoine gnó a dhéanamh nó a bheith ag obair sa Ghaeltacht mar aon le gnólachtaí nua a fhorbairt. Measann an chomhairle go bhfuil na moil sin bunriachtanach mar chabhair chun pobail na Gaeltachta a fhorbairt amach anseo. Chomh maith leis sin, aithníonn an chomhairle an tábhacht a bhaineann leis an ngeilleagar muirí do phobail sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin chun deiseanna fostaíochta a chruthú. Tabharfar faoi na ceisteanna tábhachtacha sin i gcaibidil 5, forbairt gheilleagrach, forbairt fiontar agus miondíola; agus i gcaibidil 9, bainistíocht mhuirí agus chósta.

Tá áit lárnach ag an tionscal turasóireachta i bpobail na Gaeltachta agus na noileán. Tá líon mór cuairteoirí meallta chuig an nGaeltacht mar gheall ar an tírdhreach ar leith atá ann mar aon leis na háiseanna ansin le haghaidh gníomhaíochtaí uisce, gníomhaíochtaí taobh amuigh agus gníomhaíochtaí cultúrtha. Tá forbairt déanta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le himeacht na mblianta agus tá níos mó comharthaí agus áiseanna ann anois chun cuairteoirí chun na háite a mhealladh agus a choinneáil. Tá na coláistí samhraidh sna ceantair Ghaeltachta an-luachmhar maidir leis na himeachtaí cultúrtha, geilleagracha agus sóisialta a mheallann daltaí agus múinteoirí ón tír ar fad.

I dtaca le tithíocht uirbeach agus tuaithe a sholáthar sa phobal, tugtar roinnt cuspóirí beartais maidir le cúrsaí tithíochta agus an Ghaeltacht i gcaibidil 3, tithíocht uirbeach agus tuaithe, i bplean reatha Chontae na Gaillimhe 2015 go 2021. I gcuspóir eile, ráitis maidir le tionchar teanga, déantar tagairt do ráitis maidir le tionchar teanga don tithíocht i gcás dhá theach nó níos mó agus beidh clásal feidhme teanga 15 bliana i gceist le forbraíocht. I gcuspóir eile, tithíocht uirbeach i lonnaíochtaí Gaeltachta, luaitear go sonrach na riachtanais teanga agus áitíochta i gcás iliomad teach; dhá cheann nó níos mó. I gcás chuspóir na tithíochta tuaithe, crios tithíochta tuaithe, déantar soláthar tithíochta tuaithe a éascú. Is cuspóir de chuid na comhairle é go ndéanfar breithniú ar chainteoirí Gaeilge atá in ann an cumas atá acu Gaeilge a labhairt a chruthú i gcomhréir le riachtanais Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus atá in ann a léiriú go gcuirfidh siad go fadtéarmach le líonraí traidisiúnta cultúrtha agus teanga phobail bhríomhara na Gaeilge.

Tá dréachtphlean forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 go 2028 ar bun faoi láthair mar a luaigh muid. I gcaibidil 4, luaitear maireachtáil agus forbairt tuaithe, agus ainmnítear crios tithíochta tuaithe uimh. 5, an Ghaeltacht, mar chuspóir beartais faoi leith atá ar aon dul le cuspóir RHO4. Anuas air sin, baineann caibidil 13, Gaeltacht agus oileáin na Gaillimhe, go sonrach le Gaeltacht na Gaillimhe. Sa chaibidil sin tugtar cuspóirí beartais a thugann tacaíocht do phobail na Gaeltachta ó thaobh an gheilleagair agus na turasóireachta de. Léiríonn fís na caibidle tiomantas láidir Comhairle Chontae na Gaillimhe i leith Ghaeltacht na Gaillimhe. Maítear ann gur áiteanna speisialta ar leith iad Gaeltacht agus oileáin na Gaillimhe, agus go bhfuil oidhreacht chultúrtha agus áilleacht nádúrtha ag baint leo. Maítear freisin go dtabharfar tús áite do riachtanais agus mianta mhuintir na háite agus cuairteoirí i gcás forbairtí amach anseo sa timpeallacht bhríomhar ar leith seo. Gabhaim míle buíochas arís as an deis an t-aitheasc seo a thabhairt don choiste maidir leis an ábhar thuasluaite. Má tá aon cheisteanna ag na baill, i nGaeilge nó i mBéarla, táimid ar fáil anseo.