Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 20 October 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An Ghaeilge mar Theanga Teaghlaigh: Plé

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Teachtaí, na Seanadóirí agus na daoine uaisle as an deis seo teacht os a gcomhair inniu le labhairt faoin ábhar ríthábhachtach seo, an Ghaolainn mar theanga theaghlaigh agus na dúshláin. Tá dualgas ar thuismitheoirí na Gaeltachta i leith na Gaeltachta agus is faoin Ghaeltacht amháin a bheidh mo chuid cainte inniu. Mar a deirtear i gConamara, ar ndóigh, is mar a chéile muid, agus más tuismitheoir thú atá ag tógáil do chlann le Gaolainn, is cuma cá bhfuil cónaí ort, is tuismitheoir fós thú atá ag tógáil do chlann le Gaolainn agus is cainteoir dúchais do pháiste.

Tá cosúlachtaí idir na dúshláin nó na deacrachtaí atá ag an dá dhream, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, ach ar ndóigh tá difríochtaí suntasacha agus sonracha sa chomhthéacs Gaeltachta agus caithfear é sin a aithint. Nílim anseo inniu le maíomh as éachtaí Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tá an coiste ar an eolas fúinn. Bímid i dteagmháil leis go minic. Táimid tagtha os a chomhair cúpla babhta agus tá cur amach aige ar ár gcuid oibre. Bheadh súil againn gur léiriú í an obair sin ar an eagraíocht, ar ár gcumas agus ar a bhfuil bainte amach againn agus nach fúmsa é sin a aithris arís inniu.

Tá dúshláin nó deacrachtaí ag baint le clann a thógáil le Gaolainn sa Ghaeltacht agus beidh an méid sin á phlé inniu, ach tá sé le rá chomh maith gur mór an pléisiúr é, gur ábhar mórtais é, gur ardú croí agus meanma é agus gur cúis bhróid é do chlann a thógáil le Gaolainn, agus níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air sin. Tá meas agus ómós tuillte ag na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaolainn, agus tá gach aon tacaíocht atá ar fáil dlite dóibh. Is iad slánú na Gaeltachta iad agus is bun agus barr na pleanála teanga iad.

Ag filleadh ar ais ar na deacrachtaí, agus táimid ceanúil ar na drochscéalta, is dócha, ar an gcéad deacracht nó dúshlán atá againn sa Ghaeltacht, níl an deacracht féin á aithint nó níl sí á aithint go cruinn. Tá uamhan agus eagla roimh an bhfocal "géarchéim". An bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht? An bhfuil géarchéim sna ceantair laga? Cad is géarchéim ann? Níos tábhachtaí fós, conas a d'aithneofaí géarchéim? Tá sé deacair plean ceart tarrthála, caomhnaithe, athbheochana nó feabhsaithe a chur i bhfeidhm mura n-aithnítear an méid sin.

Tá dhá cháipéis shuntasacha foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le déanaí. Is iad Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta, a fhoilsíodh i mí Iúil, agus roimhe sin Torthaí Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht, a fhoilsíodh i mí Aibreáin. Díreoidh mé ar dtús ar an gcéad cheann de na cáipéisí agus is é sin an Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta. Tá teideal an-fhada air. Tá cóip de sin faighte ag na comhaltaí ar fad sa phost. Rinneadh mionscrúdú ar thorthaí dhaonáireamh 2016 sa cháipéis seo, agus ag úsáid leaganacha oibre atá aitheanta ag an bPríomh Oifig Staidrimh féin, léiríodh nach bhfuil ach 2,889 teaghlach ag tógáil a gclann le Gaolainn laistigh de na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Tá 12,586 teaghlach a bhfuil páistí faoi 18 acu ag cur fúthu sa Ghaeltacht de réir an daonáirimh chéanna. Ciallaíonn an méid seo go bhfuil díreach os cionn 23%, ar an meán, de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn sa Ghaeltacht.

Ní hiad Tuismitheoirí na Gaeltachta a leag amach teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta, agus b'éigean cloí leis an leagan amach oifigiúil dá réir. Aontaímid, ar ndóigh, go bhfuil éagsúlacht ollmhór idir na ceantair Ghaeltachta éagsúla, go háirithe iad siúd a bhfuil céatadán fíor-íseal de chainteoirí laethúla Gaolainn iontu agus go bhféadfadh go mbeadh cúrsaí curtha as a riocht dá bharr. Le léiriú agus tuiscint níos fearr a fháil ar na figiúirí seo go háitiúil, is fiú féachaint ar an mbriseadh síos a dhéantar sa staidéar seo de réir limistéir pleanála teanga, LPT. Tá an Ghaeltacht roinnte anois ina LPTanna ar mhaithe le cúrsaí pleanála teanga agus tá na limistéir sin aitheanta ag an bPríomh Oifig Staidrimh sa daonáireamh.

Leagadh amach trí chatagóir mar léiriú ar úsáid na Gaolainne mar theanga phobail sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta a fhoilsíodh in 2007: catagóir A, is é sin go mbeadh 67% nó os a chionn den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaolainne; catagóir B, idir 44% agus 66%; agus catagóir C, aon rud faoi bhun 44%. Má úsáidimid an tslat tomhais sin, agus tá mise á úsáid de réir mo chomhairle féin inniu, ní bheadh ach ceithre limistéar pleanála teanga áirithe i gcatagóir A sa Ghaeltacht, is é sin go mbeadh líon na gcainteoirí laethúla Gaolainne os cionn 67% den phobal iomlán nó céatadán na dteaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaolainn sa chás seo. Is iad na limistéir sin oileán Thoraigh, a bhfuil 80% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn ann de réir an daonáirimh; Ceantar na nOileán, a bhfuil 77% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn; Oileáin Árann, amach ó chósta na Gaillimhe, a bhfuil 71% ag tógáil a gclann le Gaolainn, agus An Cheathrú Rua, áit a bhfuil mé féin i mo chónaí, a bhfuil 69% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn.

Ní bheadh ach ceithre LPT eile i gcatagóir B, is é sin go bhfuil líon iomlán na gcainteoirí laethúla nó an céatadán atá ag tógáil a gclann le Gaolainn sa chás seo idir 44% agus 66% den phobal. Is iad na limistéir sin Conamara Láir, ceantar Charna, Iorras Aithneach, Ros Muc agus Chamais, a bhfuil 65% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn de réir an daonáirimh; Árainn Mhór i dTír Chonaill a bhfuil 59% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, a bhfuil 55% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn, agus Cois Fharraige, is é sin ceantar Indreabháin, Spidéil agus mar sin i gConamara, a bhfuil 51% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn. Bheadh na ceantair eile ar fad i gcatagóir C, faoi bhun 44%. Is 18 LPT iad sin ar fad agus ceantair aitheanta Ghaeltachta ina measc ar nós Chorca Dhuibhne i gCiarraí Thiar, Ráth Chairn, Thiarna Mhúscraí agus, mo cheantar dúchais féin, ceantar na nDéise.

Is measa fós an scéal nuair a fheicimid ar na staitisticí a bhaineann le líon na ndaoine óga faoi 18 atá ag labhairt na teanga go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht. Is slat tomhais é seo a nglactar leis mar chomhartha ar úsáid na teanga sa phobal. Tá 25,207 páiste agus duine óg faoi bhun 18 ina gcónaí sa Ghaeltacht oifigiúil de réir an daonáirimh. Labhraíonn 4,090 acu sin an Ghaolainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Is é sin díreach os cionn 16% de phobal na Gaeltachta atá faoi bhun 18. Ní labhraíonn ach 16% de dhaoine óga sa Ghaeltacht an Ghaolainn go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Caithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist a bhaineann le teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta agus ar na ceantair a bhfuil líon na gcainteoirí i bhfad níos ísle nó airde ná a chéile. Fiú má dhéanaimid tochailt beagán níos doimhne, faraor, ní hé an dea-scéal atá i ndán dúinn. Níl ach dhá LPT fágtha sa tír a bhfuil céatadán níos airde ná 50% de na páistí nó daoine óga faoi 18 ina gcainteoirí laethúla Gaolainn lasmuigh den chóras oideachais. Is iad sin An Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán i gConamara.

Fillim ar ais ar an deacracht nach bhfuil á aithint mar sin - an ghéarchéim. An ann di? Ní maith linn a bheith ag caint faoi ghéarchéim, ar ndóigh, agus mura dtaitníonn sé linne, tá col ag an Rialtas léi. Cad eile atá anseo ach géarchéim? Is géarchéim é an 23% agus má tá ceantair áirithe chomh híseal is go bhfuil siad ag cur rudaí as a riocht, bhuel níl an scéal mórán níos fearr tar éis roinnt tochailte. Agus murar géarchéim é an 16%, ní lá fós é.

Tá na hAirí ag géilleadh anois go bhfuil géarchéim sna ceantair is laige. Is focal nach maith liom ná "lag". Níl aon duine againn lag, ach i bhfianaise na bhfigiúirí seo, cad is lag ann? Má éirímid níos laige, cá mbeimid? Ní maith le haon duine againn an chaint seo agus ní mór dúinn a bheith dóchasach. Tá a fhios againn an méid sin ach tá sé ag éirí níos deacra a bheith dóchasach lá i ndiaidh lae. Tá na teaghlaigh ann go fóill agus is mór an méid é sin féin. Níl an cath caillte go fóill.

Is deacracht nó dúshlán eile é ná seirbhísí i nGaolainn do theaghlaigh sa Ghaeltacht agus seirbhísí Stáit san áireamh. Tá uaireanta an chloig caite ag an gcoiste seo, bail ó Dhia air, ag plé Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tá fianaise sa dara cáipéis a d'fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta i mbliana, is é sin Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht: Torthaí, go bhfuil úsáid á bhaint as seirbhísí Gaolainn, seirbhísí Stáit go háirithe, sa Ghaeltacht. Tá fianaise ann go bhfuil éileamh ar a leithéid agus go bhfuil daoine thar a bheith sásta nuair a bhíonn seirbhísí ar fáil i nGaolainn. Tá fianaise ann i dtorthaí an tsuirbhé chomh maith nach bhfuil seirbhísí Gaolainn, seirbhísí Stáit go háirithe, ar fáil go héasca do theaghlaigh Ghaeltachta.

Ghlac 1,057 teaghlach páirt sa suirbhé seo ó gach aon cheantar Gaeltachta sa tír.

Na haidhmeanna a bhí leis an suirbhé ná eolas a bhailiú faoi sheirbhísí teaghlaigh atá nó nach bhfuil ar fáil sa Ghaeltacht agus cén teanga ina bhfuil na seirbhísí sin ar fáil; cén úsáid a bhaintear as na seirbhísí teaghlaigh i nGaolainn; cén t-éileamh atá ar sheirbhísí teaghlaigh i nGaolainn; agus cé chomh sásta is atá teaghlaigh le cúrsa teanga na seirbhísí teaghlaigh a bhí ar fáil i nGaolainn. Suirbhé uaillmhianach a bhí ann agus is ábhar spéise iad na torthaí. As na seirbhísí ar fad a luadh sa suirbhé seo, agus bhí réimse leathan seirbhísí i gceist idir sheirbhísí pobail, sóisialta, litríochta, teanga, ranganna ceoil, spóirt, áiseanna spraoi agus leictreonach, oideachas, sláinte agus cúram leanaí, bhí seirbhísí i nGaolainn ar fáil do 30% de theaghlaigh sa Ghaeltacht. Mar sin féin, léirigh 81% de theaghlaigh go mbaineann siad úsáid as seirbhísí i nGaolainn nó go mbainfeadh dá mbeadh siad ar fáil. Ón líon teaghlaigh a bhain úsáid as na seirbhísí Gaolainne sin, dúirt 93% go raibh siad sásta nó thar a bheith sásta le cúrsaí teanga. Ón líon teaghlaigh nach raibh seirbhísí Gaeilge ar fáil dóibh, dúirt 69% go n-úsáidfidís na seirbhísí sin dá mbeidís ar fáil.

I gcás na seirbhísí sláinte a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht, mar a dúirt Marcas Mac Ruairí níos luaithe, taobh amuigh de sheirbhísí oideachais, seo iad is mó a luaitear leis an Stát. Ní raibh na seirbhísí seo ar fáil i nGaolainn ach do 21% de phobal na Gaeltachta. Seo dochtúirí teaghlaigh, banaltraí poiblí agus seirbhísí tacaíochta sláinte, urlabhra agus fisiteiripe agus rudaí mar sin. Mar sin féin, as na teaghlaigh a dúirt go raibh na seirbhísí seo ar fáil dóibh i nGaolainn, bhain 94% úsáid astu nó dúirt siad go mbainfeadh dá mbeadh gá leo. As na daoine sin a bhain úsáid as na seirbhísí Gaolainne, léirigh 94% arís go rabhadar sásta nó thar a bheith sásta le cúrsaí teanga. Ábhar suntais chomh maith ná, i gcás na ndaoine a dúirt nach raibh seirbhísí Gaolainne ar fáil dóibh, go ndúirt 71% de na teaghlaigh seo go mbainfidís úsáid as seirbhísí Gaolainne dá mbeadh siad ar fáil. Tá éileamh ar na seirbhísí seo más ea. Níl aon tuismitheoir chun raic a tharraingt mar nach bhfuil seirbhís riachtanach ar fáil i nGaolainn, go háirithe os comhair a gcuid páistí, agus tráth ina bhfuil seirbhísí riachtanacha gann mar atá. Tá daoine buíoch go bhfuil seirbhís ann, ní áirím seirbhís i nGaolainn. Ní sin le rá nach bhfuil éileamh orthu nó nár mhaith leis na tuismitheoirí céanna go mbeadh a leithéid ar fáil.

Tá cáipéis eile le foilsiú againn go luath a bheidh chomh cinniúnach céanna leis an dá cheann a chuaigh roimhe. Tugadh deis do thuismitheoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl sa suirbhé seo ar sheirbhísí teaghlaigh agus glacadh go fonnmhar leis an deis seo. Léiriú pearsanta, ón gcroí amach, uaigneach agus brónach ar uairibh, ach mar sin féin dóchasach, atá sa mhéid a bhí le rá ag na tuismitheoirí seo. Cinneadh ag an am gan na tuairimí seo a fhoilsiú in éineacht leis na torthaí mar go raibh an oiread le rá agus an oiread ann. Tá tuarascáil á réiteach ina mbeidh na mianta seo á gcur in iúl agus tá súil againn í a fhoilsiú go luath. Tabharfaidh an méid a bhí le rá ag tuismitheoirí, a bheidh á fhoilsiú sa tuarascáil seo, léargas maith don choiste. Dúirt tuismitheoir amháin:

Bunriachtanas é go mbeadh na seirbhísí seo ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Glacann go leor den phobal leis mar gur b’shin mar a bhí riamh agus ní maith leo [bheith] ag casaoid ar fhaitíos nach mbeadh seirbhís ar bith ar fáil. Baineann sé seo an misneach ó dhaoine a gcuid bun riachtanas a éilimh i nGaeilge faraor.

Dúirt tuismitheoir eile:

Is cóir go mbeadh siad ar fáil i nGaeilge gan cheist. Níos tromchúisí fós, breathnaítear go bhfuil dhá chloigeann ort má dheireann tú nach bhfuil ag do ghasúr ach Gaeilge má bhíonn aon deacrachtaí urlabhra acu agus moltar dhuit iompú ar an mBéarla, go mbeidh sé níos éasca dóibh. Tá sé seo mícheart go hiomlán. Ní bhraitheann tú ar do chompord ná go bhfuil fáilte roimh úsáid na Gaeilge faraor.

Dúirt tuismitheoir amháin eile:

Is jóc é seo. Tá an oiread cleachtaidh ar easpa seirbhíse go nglactar leis más go drogallach féin é. Náire shaolta agus tá muintir na Gaeltachta ligthe síos go hiomlán ag an stát ina thaobh seo.

Is léir ón méid atá ráite ag na tuismitheoirí seo gur saoránaigh den dara grád sinne nó aon duine atá ag lorg seirbhísí i nGaolainn ón Stát. Aontaím leo. Tá sé náireach mar a chaitear linn mar thuismitheoirí atá ag tógáil ár gclann le Gaolainn.

Níl tugtha agam anseo inniu ach dhá cheann de liosta na ndeacrachtaí nó na ndúshlán agus níl ann ach a thús. Faraor nach bhfuil cúpla uair an chloig eile breise againn, agus faraor nach bhfuil cúpla uair an chloig eile lena chois sin arís againn leis na pléisiúir, na cúiseanna áthais, iontais agus mórtais a bhaineann le tógáil clainne le Gaolainn a chur os comhair an choiste. Lá níos faide anonn b’fhéidir. Tá rud amháin cinnte: caithfear aghaidh a thabhairt ar an scéal seo, más géarchéim é nó murab ea. Is cuma linne cén teideal a thugtar air. Tá sé in am tascfhórsa a chur ar bun faoi chathaoirleacht neamhspleách, a thabharfadh na heagrais éagsúla atá ag obair i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht le chéile, eagrais Stáit ina measc, a dhéanfadh iniúchadh ar an bhfreastal atá á dhéanamh ar theaghlaigh, agus a leagfadh amach plean gnímh do na blianta atá le teacht. Tá sé in am féachaint ar mholtaí éagsúla mar chuid den tascfhórsa seo, moltaí an Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta agus an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ina measc, iad a chur i bhfeidhm laistigh den chóras atá againn faoi láthair, agus an córas sin a leasú lena thuilleadh a chur i bhfeidhm amach anseo. Tá sé in am moltaí praiticiúla eile a phlé mar chuid den tascfhórsa seo, mar scéim cuairteoirí baile a chur ar bun ar fud na Gaeltachta agus scéim labhairt na Gaeilge a leasú agus a chur i bhfeidhm arís, mar shampla.

Tá an cur chuige "mair, a chapaill, agus gheobhaidh tú féar" ag baint le dearcadh an Stáit i leith cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair - taighde eile, straitéis nua, pleananna deasa, briathra caoine, moladh is plámás, cúpla pingin anseo agus cúpla pingin eile ansiúd. Mar sin féin, tá an capall fós ina bheatha agus tá an Ghaolainn fós á labhairt mar theanga bhaile sa Ghaeltacht. Tá an capall seo beo, in ainneoin triomach, gorta, ganntanas, sciúrsáil, gátar, neamhaird, drochíde, sciolladh is feannadh agus cluas bhodhar. Ach má tá an capall beo, tá an tseitreach ag maolú agus na heasnacha le feiscint. Tá sé lag faoin tsrathair agus faoin diallait agus níl féar suaithinseach na Gaeltachta mar a bhí. Iarraim ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Thithe an Oireachtais rún a rith ag tacú le bunú an tascfhórsa seo leis na grúpaí ar fad i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht a thabhairt le chéile chun deis a thabhairt dúinn comhoibriú le chéile ar mhaithe leis an gcéad ghlúin eile de phobal na Gaolainne sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú. Níl an cath caillte go fóill ach níl ach méid áirithe gur féidir linne agus teaghlaigh mhisniúla na Gaeltachta a dhéanamh. Tá tacaíocht uainn.