Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Mr. Antoine Ó Coileáin:

Ba mhaith liom freagra a thabhairt do phointe nó dhó a rinne an Teachta Ó Muimhneacháin ansin. Maidir leis na socruithe don athoscailt, tá ár n-oifig oscailte i rith an ama. Táimid ag déanamh aisíoca le daoine a raibh súil acu freastal ar chúrsa i mbliana. Chuir siad an éarlais ar aghaidh go dtí an bhliain seo agus anois beidh siad ró-aosta an chéad bhliain eile agus tá an t-airgead sin le híoc ar ais. Is sampla é sin den riarachán atá ag dul ar aghaidh i rith an ama.

Maidir le bheith ag pleanáil don bhliain seo chugainn, caithfidh sé sin tosú láithreach bonn. Bhí tagairt níos luaithe do na bróisiúir agus suíomhanna Idirlín ach roimhe sin, beidh orainn dul chun cainte leis na mná tí againne agus féachaint an bhfuil siad ar fáil don chéad bhliain eile. Tá daoine cleachtaithe ar a gcuid tithe a bheith ar ais acu féin le dhá bhliain anuas. B'fhéidir go bhfuil sé sin chun a sástachta. Caithfidh muidne dul agus na daoine sin a mhealladh i gcásanna. B'fhéidir go raibh cuid acu ag smaoineamh ar gan dul ar aghaidh leis níos faide mar is fiú a lua go bhfuil próifíl aoise measartha ard ag na mná agus na fir tí. Beidh fadhb ansin amach anseo. Tá an chéad ghlúin eile ag teacht ar aghaidh le fostaíocht ón mbaile agus fostaíocht go háitiúil agus níl an spéis chéanna ag daoine sna tithe breátha nua a bheith ag glacadh isteach leis na sluaite déagóirí.

In áit a mbeadh gach coláiste againn, agus tá suas le 50 cláraithe le CONCOS, ag treabhadh ár n-iomaire féin, bheadh an-chiall, go háirithe i mbliana, le feachtas de chuid na Roinne ar son tréimhse sa Ghaeltacht. Gach oíche ar an teilifís, feiceann tú "Discover Ireland". Feiceann tú fógraí ag Bord Fáilte sna pictiúrlanna. Ní fhaca mé riamh fógra ag rá téigh chun na Gaeltachta an samhradh seo. Bain taitneamh. Buail le cairde nua. Foghlaim an Ghaeilge. Is rud an-shimplí é. Ní chosnódh sé mórán ar an Stát. Bheadh sé thar acmhainn aon choláiste ar leith ach bhainfimis ar fad buntáiste as. Is moladh praiticiúil agus simplí é. Tá instealladh, más féidir liom é sin a rá, den chineál sin ag teastáil i mbliana, thar aon bhliain chun muid a chur ar ais ar an radar ag daoine.

Bhain an dara pointe a bhí ag an Teachta Muimhneacháin le margaí nua. Is réimse é ina bhfuil an-spéis againn agus táimid lán le smaointe agus samhlaíocht. Ní hamháin sin ach tá taithí againn féin ar ghearrchúrsaí a reáchtáil le haghaidh daltaí scoile i rith na bliana scoile. Téann rang chun na Gaeltachta lena mhúinteoir agus cuireann Gael Linn ranganna agus imeachtaí ar siúl.

Tá a fhios agam go bhfuil am ag éirí gann ach b'fhéidir go ndéarfadh Réamonn Ó Ciaráin, an stiúrthóir oideachais faoi na cúrsaí againne, focal gasta.