Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Ms Máire Denvir:

Níl aon amhras ach go mbeidh difríocht dhamanta sa tionscal seo san am atá romhainn. Mar a dúirt mé, tá sé tite. Is tionscadal é nach bhfuil ann ag an bpointe sin le dhá bhliain. Dá bhrí sin, caithfear go leor ama, smaointe agus airgid a chur isteach lena atógáil, bíodh sé mar a bhí sé nó i bhfoirm eile. Tá go leor bealaí ann go bhféadfadh gasúir agus daoine fásta a thabhairt go dtí an Ghaeltacht ach caithfimid tacaíocht an Stáit a bheith againn agus, leis sin, tacaíocht Roinn na Gaeltachta – tá ainm an-fhada uirthi anois, ach tugaimid Roinn na Gaeltachta uirthi - agus tacaíocht na Roinne Oideachais. Ba cheart dóibh sin a bheith ag obair i dtaca a chéile.

Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív ar ball, is í an Roinn Oideachais a bhunaigh córas na gcoláistí Gaeilge agus a bhí ag feidhmiú leo go dtí 2008 nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta deiridh. Go dtí sin, bhí áit lárnach ag an Roinn Oideachais sna cúrsaí seo. Tá i bhfad níos mó i gceist le oideachas, le foghlaim teanga agus le forbairt gasúir óga ná €52. Bhí ionchur an-láidir sa chóras seo ag an Roinn Oideachais ag an am, ó thaobh leagan amach an tsiollabais teanga a mhúinfí agus mar sin de. Ní féidir a rá go bhfuil sé sin amhlaidh anois mar nach bhfuil an Roinn páirteach i ndáiríre. Cé go ndéantar cigireacht agus go bhfuil cigirí tugtha isteach, níl sé sin sásúil ar chor ar bith do na coláistí. Táimid ag iarraidh dul ar ais ag an staid a rabhamar ansin agus chabhródh sé.

Ba bhreá linn dá bhfaighimis an seans suí síos leis an Roinn Oideachais agus le Roinn na Gaeltachta le go léireoimis leo na bealaí difriúla gur féidir cabhrú ar chuile bhealach le múineadh na Gaeilge. Ba chóir go mbeimis ag obair mar sin. Is é sin a dhéanann muid; feabhsú na ngasúr ina gcuid Gaeilge. Cabhraíonn sé sin. Bheadh sé thar a bheith spéisiúil taighde agus staidéar a dhéanamh ar cé hiad na gasúir is fearr a n-éirigh leo sna scrúduithe Stáit ó thaobh na Gaeilge de. Creidim gur fhreastal go leor acu ar choláistí Gaeilge. D'fhoghlaim siad sna ranganna. Níl aon amhras faoi sin. Bíonn trí huaire acu ar feadh seacht lá na seachtaine. Níl aon amhras ach go bhfoghlaimíonn siad ansin ach foghlaimíonn siad i bhfad níos mó taobh amuigh, ag spraoi le chéile, ag na céilí, sna tithe lóistín, leis na mná tí agus bean an tí ag caint leo agus muintir an tí ag imirt cártaí leo. Tá siad ag maireachtáil.

Tá an-deis againn breathnú ar bhealaí difriúla amhail cúrsaí idirbhliana, ach mar a dúirt mé ar ball, ceapaim go bhfuil rud práinneach againn don bhliain seo agus b'fhéidir gur cheart go mbeimis ar ais anseo ag plé na todhchaí agus, mar a dúirt an Teachta Connolly ar ball, ag plé na rudaí dearfacha gur féidir a dhéanamh faoin Ghaeilge.

Faoi láthair, tá sé práinneach go mairfimid, agus nach ndúnfar na coláistí in áiteanna nach bhfuil aon tionscal eile ann. I gcás an coláiste atá againn, agus níl mé ag iarraidh aon choláiste a lua go pearsanta, níl aon tionscal eile i gCamas ar chor ar bith. Ní raibh riamh. Níor chuir an t-údarás, ná an Roinn ná duine ar bith aon tionscal ceart ar fáil i gCamas ach Coláiste Chamuis. Tá sé sin fós ag maireachtáil, ach an mbeidh sé in ann dul ar aghaidh sa todhchaí? Tá go leor coláistí eile díreach mar a chéile. Déarfadh muintir Oileán Chléire an rud céanna leat, go bhfuil fadhb an-mhór acu, mura bhfaighidh siadsan deis tosaigh, fios nó eolas ar cá bhfuil muid. Tá coláiste beag bídeach acu thíos ansin. Tá mé ag iarraidh fáil amach cá bhfuil muid. Tá muid i liombó. Níl a fhios againn cá seasann an tionscal seo. An bhfuil muid in ann dul ar aghaidh nó nach bhfuil muid?

Tá tacaíocht nó cobhsú geallta. Céard é an cobhsú? Cén leagan amach atá air? Níl a fhios againn. Mar a dúirt mé i mo chuid cainte, is cinnte go mbeidh traenáil i gceist agus ba bhreá linn go mbreathnódh Roinn na Gaeltachta ar chúrsaí trí lá. Tá cúis agam leis an trí lá, nó ceithre lá ar a mhéad, mar in amanna sa scoil, bíonn sé an-deacair na gasúir a fháil ach d'fhéadfá Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh a fháil. In amanna, ní bhíonn múinteoirí agus bíonn deacrachtaí ag scoileanna. Is iarmhúinteoir mé féin. Bíonn múinteoirí eile a thabhairt amach ag gearáin go bhfuil siad ag dul amach as an seomra rómhinic nó go bhfuil siad imithe go dtí an Ghaeltacht nó mar sin de. Ach tá bealaí ann le cúrsaí a dhéanamh. In áit a bheith ag dul anonn go dtí an Spáinn, nó go Páras ar a gcuid trí, ceithre lá nó cúig lá a dhéanann siad, ba chóir dóibh dul go dtí an Ghaeltacht agus cur lena saibhreas féin agus aithne a chur orthu féin mar dhaoine. Cuireann tú aithne ort féin tríd an teanga and tríd an gcultúr. Tá sé i sícé na nÉireannach.

Ní hamháin sin, ach ba chóir go mbeimis ag cur míle fáilte roimh dhaoine a tháinig isteach, na hÉireannaigh nua, agus go mbeidís ag teacht chuig an nGaeltacht in áit muid a bheith ag breathnú orthu amuigh ansin. Ba chóir dúinn iad a thabhairt isteach agus go mbeidís ag foghlaim ár mbealaí Éireannacha tríd an teanga. Níl sé in áit ar bith níos láidre ná ansin. B'fhéidir go dtabharfadh Frank Ó Maoláin a fhreagra ar an gceist faoi na hábhair oidí.