Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Mr. Antoine Ó Coileáin:

Tá Gael Linn an-bhuíoch as an deis seo fianaise a thabhairt don chomhchiste. Creideann muid go bhfuil sé an-tábhachtach go deo go mbeadh deiseanna úsáide Gaeilge ag daltaí taobh amuigh den seomra ranga. Tá réimse leathan scéimeanna ag Gael Linn le tacú le hobair na múinteoirí mar an scéim Gaelbhratach, díospóireachtaí, agus comórtais tallainne mar Siansa, Scléip agus Coirm. Níl amhras ar bith ann, ach go bhfuil tréimhse sa Ghaeltacht ar cheann de na deiseanna is fearr is féidir a thabhairt do dhalta. Tá mórán taithí ag Gael Linn ag eagrú coláistí Gaeilge do dhéagóirí agus cúrsaí Gaeltachta do dhaoine fásta, agus is ball de CONCOS sinn. Dá bhrí sin, táimid ag tacaíocht go hiomlán leis an méid atá ráite ag Máire Denvir díreach romham.

Eagraíonn Gael Linn cúrsaí do dhaltaí i Machaire Rabhartaigh agus i mBun an Inbhir, agus tá cúrsaí do dhaoine fásta againn i nGaoth Dobhair. Tá cuid de na cúrsaí sin ar bun le níos mó ná 50 bliain. Is féidir a rá go bhfoghlaimíonn dalta Gaeilge ar scoil ach go dtiteann siad i ngrá leis an teanga sa Ghaeltacht. Is nós fadbhunaithe é maidir le foghlaim teangacha go gcaitheann an foghlaimeoir tréimhse i gceantar ina labhraítear an sprioctheanga. In Éirinn, aithnítear na coláistí Gaeilge mar bhuntáiste don Ghaeltacht agus don teanga náisiúnta ar aon. Maidir le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, téann líon mór dhaltaí iarbhunscoile agus ábhair oidí chun na Gaeltachta gach samhradh. Creideann Gael Linn gur féidir níos mó daoine óga agus daoine fásta a mhealladh le freastal ar chúrsaí éagsúla Gaeltachta ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil.

Mar a luaigh Máire Denvir, léiríonn torthaí taighde an tionchar dearfach a bhíonn ag coláistí Gaeilge ar dhaltaí agus a thacúil is a bhí na tuismitheoirí ina leith. Anuas air sin, dearbhaíonn na coláistí don phobal Ghaeltachta gur áis luachmhar atá sa teanga ar fiú í a neartú, ní hamháin ar chúiseanna mórtas cine ach ar chúiseanna eacnamaíochta. Tá sé ráite go gcaitheann an Stát suas le €5 milliún ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, ach meastar go ngineann na coláistí idir €50 milliún agus €60 milliún do gheilleagar na Gaeltachta – sin méadú faoi dheich, agus níos mó. Gineann na coláistí Gaeilge fostaíocht thábhachtach a mbíonn baint dhíreach aici leis na coláistí - mná agus fir tí, múinteoirí agus ceannairí - agus go hindíreach le siopaí, bialanna, comhlachtaí iompair agus mar sin de. Ar an mbonn eacnamaíochta amháin, b’fhiú don Rialtas breis infheistithe a dhéanamh san earnáil thábhachtach seo.

Ar ndóigh, tá ról lárnach ag an nGaeilge sa chóras oideachais. Maíodh i ráiteas an Rialtais in 2006 i leith na Gaeilge go ndéanfar “infheistíocht fheabhsaithe ... i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama”. Sa straitéis 20 bliain tugadh gealltanais maidir le coláistí Gaeilge, i measc rudaí eile, nach bhfuil á gcomhlíonadh. Ní mór don Stát oibriú i gcomhpháirt le leis na coláistí Gaeilge maidir le deiseanna úsáide Gaeilge a thabhairt do dhaoine óga atá á foghlaim sa chóras oideachais fhoirmiúil. Tacaím le héileamh CONCOS go dtabharfaí ar ais an deontas caipitíochta. Ba scannal é an deontas a chur ar ceal mar a rinneadh in 2008. Bhí drochthionchar ag an chinneadh seo ar an earnáil a leanann go fóill agus coláistí beaga, ach go háirithe, buailte. Is mithid an ciorrú a aisiompú agus deontas caipitíochta in aghaidh gach dalta a thabhairt ar ais.

Is fiú a rá go bhfuil tionchar na Roinne Oideachais le feiceáil thar an earnáil ar fad – múinteoirí cáilithe, cúrsaí faofa – ach níl an Roinn ag maoiniú coláistí leis na freagrachtaí a chomhlíonadh, mar a rinneadh roimhe. I bhfianaise a thábhachtaí is atá na coláistí d’fhoghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais, is náireach an rud é nach bhfuil an Roinn Oideachais dá maoiniú. Tá Gael Linn ag tacú leis an moladh a rinneadh go mbonnófaí coiste stiúrtha náisiúnta, task force, ar dtús ar a mbeadh CONCOS, an Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus Gael Linn, a bhfuil an cúram orainn mar cheanneagraíocht deiseanna a chruthú do dhaltaí. An phríomhaidhm a bheadh ag coiste mar seo ná monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin oideachasúla agus b’fhéidir lipéad feabhais a bhunú do gach cúrsa.

Ar ndóigh, tá todhchaí na hearnála ag brath ar an bpolasaí Gaeilge sa chóras scolaíochta, na siollabais, na curaclaim, agus na scrúduithe san áireamh. Faoi láthair, tá 40% de na marcanna ag dul don bhéaltriail. Níor chóir aon laghdú a theacht air seo mar go n-aithnítear go bhfuil na coláistí Gaeltachta ar cheann de na háiseanna is fearr dá bhfuil ann do dhalta le marcanna níos airde a fháil sa scrúdú sin.

Creideann Gael Linn gur chóir cur le líon na scoláireachtaí atá ar fáil chun an deis a bheith ag daltaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste freastal ar choláistí Gaeilge. Dhá bhliain ó shin, bunaíodh scéim scoláireachtaí le haghaidh scoileanna DEIS. Bhí 50 dalta sa tír ar fad incháilithe le scoláireacht €850 an duine a fháil. Is suarach é líon 50 dalta sa scoláireacht nuair a théann suas le 27,000 dalta chun na Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh, ar a laghad, 500 scoláireacht don saghas seo le freastal fiúntach a dhéanamh ar an éileamh. Nuair a bhíonn muid ag caint faoi choláistí samhraidh agus coláistí Gaeilge, go hiondúil, is ar dhéagóirí a bhíonn muid ag caint. Ach baineann foghlaim na Gaeilge le hoideachas fadsaoil, le daoine fásta chomh maith. Níl ach fíorbheagán tacaíochta ar fáil dóibh siúd i láthair na huaire. Mar sin, is cóir cur le líon na scoláireachtaí atá ar fáil do dhaoine fásta le freastal ar chúrsaí Gaeltachta.

Ba mhaith liom focail a rá faoi dhaltaí ó Thuaisceart Éireann. Is maith mar a mheascann siad le daltaí ón Deisceart ar na coláistí Gaeilge, i dTír Chonaill go háirithe. Bhíodh scéim an-mhaith scoláireachtaí ag Roinn na Gaeltachta i gcomhar le feiseanna ó Thuaidh le daltaí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Ceathrú scoláireachtaí a bhíodh i gceist, ach cuireadh deireadh leis an scéim sin in 2009. Ba chóir don Rialtas tacú le déagóirí ó Thuaisceart Éireann le hiad a mhealladh chun na Gaeltachta arís agus an scéim sin a thabhairt ar ais.

Mar a dúirt Máire Denvir, tá na coláistí ar an bhfód le breis agus 120 bliain. Tá an modh oibre athraithe ach tá sé a bheag nó a mhór mar an gcéanna. Tá an-bhéim in áiteanna ar nós ceol nó spóirt uisce. Tá an bhunsamhail go maith ach tá sochaí na tíre ag athrú. Ní mór do pholasaithe an Stáit i leith na bhfoghlaimeoirí a bheith níos solúbtha agus oscailte do chur chuige nua, mar shampla, aitheantas a thabhairt do ghearrchúrsaí cúig lá le linn na scoilbhliana. Ónár dtaithí i nGael Linn, is féidir le gearrchúrsa Gaeltachta blaiseadh a thabhairt do dhalta le cúrsa níos faide a dhéanamh ar ball.

Léiríonn torthaí taighde an fonn a bheadh ar dhaoine freastal ar choláiste Gaeilge, rud a léiríonn éileamh nach bhfuiltear á fhreastal air faoi láthair. Sa chomhthéacs seo, ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim scoláireachtaí faoi mar a mhol an straitéis 20 bliain “le súil cur lena héifeachtacht mar mheicníocht tacaíochta don Ghaeilge”. Deiseanna forbartha eile is ea cúrsaí do theaghlaigh, do dhaoine fásta agus sainchúrsaí do ghairmithe ar leith, mar shampla, san iriseoireacht agus san óstaíocht.

Sa ghearrthéarma, tá scéim cúitimh de dhíth láithreach agus go práinneach agus é sin ag teastáil ó lucht eagraithe na gcoláistí. Mar a dúirt Máire Denvir, bíonn costais leanúnacha tríd an bhliain ar choláistí maidir le teagmháil a choinneáil le tuismitheoirí agus daltaí, cúrsaí riaracháin agus árachais, ag pleanáil na hoibre, cúrsaí Idirlín agus margaíochta, agus araile. Glacann sé bliain iomlán coláiste Gaeilge a chur ar fáil. Ní féidir linne ár gcuid maidí a ligean le sruth agus caithfidh an Stát céimeanna a ghlacadh anois le cinntiú go mbeidh sé ann dúinne an chéad bhliain eile. Tá cúiteamh chomh maith ag teastáil ó na hallaí pobail ina mbíonn na coláistí Gaeilge á reáchtáil. Bíonn na hallaí sin ag brath ar ioncam ó na coláistí Gaeilge lena gcuid billí cothabhála, árachais agus araile a íoc. Gan na háiseanna riachtanacha seo, ní bheadh na coláistí in ann feidhmiú ar chor ar bith.

Táim buíoch as an éisteacht agus mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá go mbeidh todhchaí gheal roimh na coláistí Gaeilge má dhéanann an Rialtas na roghanna cearta anois maidir leis an Ghaeilge agus maidir leis an Ghaeltacht.

Ní féidir na moltaí atá luaite agam anseo a chur ar an méar fhada. Tá orainn cinnte a dhéanamh nach dtiontaíonn an éiginnteacht atá ann anois ina héigeandáil. Is gá dúinn go léir gníomh suntasach a dhéanamh anois le tacú le hearnáil chultúrtha na gcoláistí Gaeilge, earnáil a thacaigh le hathneartú na teanga agus na Gaeltachta le breis agus 100 bliain. Ba chóir dóchas a thabhairt do na teaghlaigh Ghaeltachta, do na foghlaimeoirí go léir agus do lucht eagraithe cúrsaí faoi thodhchaí na gcoláistí. Tá an taithí agus an tiomantas ag na coláistí Gaeilge. Níl uainn anois ach tacaíocht an Stáit.