Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Ms Máire Denvir:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ba mhaith liom thar ceann CONCOS buíochas a ghabháil le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an gcuireadh a thug sé dúinn labhairt leis faoi thodhchaí na gcoláistí samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith. Is oifigeach caidreamh poiblí de chuid CONCOS mé agus i mo theannta ónár n-eagraíocht tá Frank Ó Maoláin, cathaoirleach, agus Maria Nic Dhonncha, feidhmeannach.

Tabharfaidh mé cur síos ar chúlra agus feidhm na gcoláistí Gaeilge. Is institiúid chultúrtha sheanbhunaithe ar leith iad na coláistí Gaeilge i saol na hÉireann ó cuireadh tús i gcéaduair leo in aimsir Chonradh na Gaeilge i dtús an 20ú haois.

Tá siad ag feidhmiú go rathúil sa tír le beagnach 120 bliain.

Sa saol atá anois ann, tugann na coláistí Gaeilge daoine óga ó cheann ceann an oileáin seo go dtí an Ghaeltacht agus cuireann siad ar a súile dóibh go bhfuil an Ghaeilge beo i gcónaí agus í á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide i ngnáthshaol bríomhar laethúil phobal na háite. Is é príomhchuspóir scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a fheidhmíonn Roinn na Gaeltachta ná “cabhrú tuilleadh le muintir na Gaeltachta chun foghlaimeoirí Gaeilge a choimeád ar iostas ina dtithe cónaithe”. Is iad na páirtithe leasmhara sa ghníomhaíocht seo ná na coláistí Gaeilge, an lucht lóistín, nó na mná tí, agus lucht stiúrtha na hallaí pobail agus hallaí eile. Tá siad ar fad fite fuaite lena chéile in aon aonad amháin ag obair as lámha a chéile. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus níorbh ann do dhream acu gan an dream eile a bheith ina dteannta. Ar an ábhar sin, agus in ainneoin go gcuireann CONCOS fíor-fháilte roimh an bhfógra ar an 8 Iúil faoi phacáiste cúitimh do na mná tí, is cúis mhór díomá dúinn gan aon socrú a bheith déanta ag an am céanna do na coláistí agus do na hallaí, go mór mór agus an ciste cobhsaithe fógartha in Aibreán.

Tacaíonn na coláistí Gaeilge, trína gcuid gníomhaíochtaí, leis an Stát a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh maidir leis an nGaeilge, leis an gcultúr agus le pobal na Gaeltachta ar go leor bealaí. Is iad na coláistí Gaeilge a earcaíonn, a eagraíonn, a riarann agus a sholáthraíonn na foghlaimeoirí Gaeilge a thagann chun na Gaeltachtaí. Ina theannta sin, éascaíonn siad próiseas feidhme na scéime don Roinn roimh agus le linn na gcúrsaí.

Déanann CONCOS ionadaíocht do na coláistí Gaeilge agus oibríonn muid i ndlúthpháirtíocht le Roinn na Gaeltachta maidir le cur chun cinn chuile ghné d’obair na gcoláistí Gaeilge, trí chruinnithe rialta den choiste deonach de dheichniúr a thoghtar go bliantúil ó na ceantair éagsúla Ghaeltachta. Bhí comhaontú sheachadadh gníomhaíochta trí bliana ann idir CONCOS agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán a chuir maoiniú ar fáil a íocann cuid mhaith de thuarastal an fheidhmeannaigh. Íoctar costais eile na heagraíochta ó tháillí ballraíochta na mball-choláistí. Laghdaíodh maoiniú bliantúil CONCOS ó Roinn na Gaeltachta ó €65,000 go €45,043 sa bhliain 2020. Tá CONCOS ag iarraidh ardú ar a laghad ó leibhéal 2021 ar an maoiniú seo, go háirithe i gcomhthéacs na hoibre atá amach romhainn agus muid ag pleanáil d’athoscailt na hearnála. Táimid ag iarraidh freisin go n-aontófaí comhaontú sheachadadh gníomhaíochta nua trí bliana don eagraíocht ó 1 Eanáir 2022. Caithfear é sin a dhéanamh gan mhoill.

Maidir le tionchar teanga na gcoláistí Gaeilge, léiríonn an taighde go bhfuil tionchar an-dearfach teanga ag na coláistí Gaeilge ar pháirtithe uilig na hearnála. Sa chéad áit, bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag na cúrsaí Gaeltachta ar na scoláirí. Déantar sóisialú orthu trí Ghaeilge, go mór mór iad siúd a dhéanann réamh-chúrsaí. Cuirtear ar a súile dóibh gur fiú agus gur féidir leo saol forásach, bisiúil, sofaisticiúil, nua-aoiseach a chaitheamh agus an Ghaeilge a bheith mar urlabhra acu. Cuireann siad eolas ar theanga agus ar chultúr beo na Gaeilge i spás sábháilte do dhéagóirí. Mar bharr air sin, déanann na scoláirí forbairt phearsanta agus cuireann siad aithne ar a bhféiniúlacht féin agus ar chultúr beo na Gaeilge, gné d’obair na gcoláistí a chuireann tuismitheoirí na scoláirí fíor-fháilte roimhe.

Maidir le foireann na gcoláistí, idir múinteoirí agus cúntóirí, nó ard-chinnirí, na gcúrsaí, coinníonn na cúrsaí iad i dteagmháil leis an teanga bheo agus déanann siad athnuachan ar a dtiomantas dá ngairm múinteoireachta.

Léiríonn an taighde maidir le haiseolas leanúnach ó bhliain go chéile leibhéal an-ard sástachta i measc tuismitheoirí na scoláirí. Tá sé curtha in iúl ag tuismitheoirí do na coláistí le dhá bhliain anuas go n-airíonn siad na coláistí go mór uathu in aimsir na paindéime.

Bíonn tionchar mór ag na coláistí ar phobal na Gaeltachta freisin maidir le caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sna ceantair ina bhfeidhmíonn siad.

Bíonn tionchar teanga thar a bheith dearfach ag gníomhaíochtaí na gcoláistí Gaeilge ar óige na Gaeltachta ach go háirithe. Ní hamháin go gcuireann na coláistí Gaeilge fostaíocht agus oiliúint ar fáil dóibh ach is léir freisin go spreagann an obair seo iad le ceannaireacht a thabhairt maidir le cúrsaí teanga ina bpobail féin.

Tá ról tábhachtach na gcoláistí Gaeilge aitheanta freisin sa chóras pleanála teanga atá ar bun i bpobail Ghaeltachta ina bhfuil coláistí ag feidhmiú faoi láthair. Ina theannta sin, cuireann obair na gcoláistí go mór le polasaithe agus straitéisí an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Chomh maith leis an tionchar teanga seo, tá tionchar an-láidir eacnamaíoch ag na coláistí ar an nGaeltacht. Is fiú idir €50 milliún agus €60 milliún sa bhliain na coláistí Gaeilge do na ceantair éagsúla Ghaeltachta agus téann bunáite an ioncaim díreach chuig pobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar atá, an lucht lóistín a choinníonn scoláirí ina dtithe féin. Chomh maith leis sin, cuireann an earnáil fostaíocht fhorleathan ar fáil sna ceantair ina bhfeidhmíonn siad.

Tá bagairtí agus dúshláin éagsúla ann do na coláistí Gaeilge agus muid ag tabhairt aghaidhe ar an todhchaí, cuid acu ag éirí as paindéim Covid-19, agus tuilleadh fós ag dul siar i bhfad roimh an phaindéim. Ceann de na mórfhadhbanna a ghoill ar na coláistí le blianta anuas ná cinneadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar an 14 Deireadh Fómhair 2008 an deontas caipitíochta €52 in aghaidh an scoláire a bhaint de na coláistí Gaeilge. Chuidigh an deontas seo le gnéithe an teagaisc agus an oideachais d’obair na gcoláistí agus thug sé ról lárnach don Roinn Oideachais in imeachtaí na gcoláistí, ról nach bhfuil ann i gceart níos mó nó atá an-doiléir faoi láthair. Iarraimid go dtabharfar ar ais an deontas seo láithreach. Creidimid gur mar stól tríchosach ba chóir don earnáil bheith ag feidhmiú agus go mba cheart go mbeadh comhphlé go rialta idir Roinn na Gaeltachta, An Roinn Oideachais agus lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge maidir le riaradh na hearnála.

Dúshlán eile don earnáil ná deontas laethúil na dteaghlach Gaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Ag tús an chúlú eacnamaíochta, laghdaíodh an deontas seo ó €10.50 san oíche go dtí €9.50, agus ardaíodh ina dhiaidh sin é go dtí €10. Tá sé fágtha ag €10 le deich mbliana anuas, gan aon aird ar ardú ar chostais chóiríochta agus cothabhála an lucht lóistín. Tá CONCOS ag iarraidh ardú ar an deontas laethúil seo ar aon chéim ar a laghad le boilsciú agus le hardú praghsanna le deich mbliana anuas. Tá deontas laethúil na gcoláistí cónaithe, nó na brúnna, laghdaithe sa tréimhse chéanna ó €10 go dtí €5 agus tá CONCOS ag iarraidh an deontas seo a thabhairt ar ais go dtí €10.

Fáiltíonn CONCOS roimh an bplé atá ar bun faoi láthair idir an CNCM, an Roinn Oideachais agus pobal na Gaeilge maidir le siollabas Gaeilge na hardteistiméireachta. Creidimid go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh siollabas cuí ann do scoláirí na Gaeltachta agus do lucht an Ghaeloideachais. Ag an am céanna, údar mór imní do lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge an meascán mearaí atá ann faoi láthair maidir leis an siollabas. Éilíonn lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge go smaoineofaí ar na scoláirí sin ar fud na tíre nach mbíonn sna scoileanna Gaeltachta ná ag freastal ar Ghaelscoileanna. Seo an chuid is mó de na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí Gaeilge. Cuireann a gcuid tuismitheoirí iad chun an Ghaeltacht le Gaeilge a fhoghlaim agus baineann cuid mhór acu líofacht shuntasach amach. Go deimhin, is minic gur iad seo ceannródaithe na Gaeilge sa tír ag teacht dóibh féin. Is ceart bunúsach bunreachtúil é go mbeadh teacht ag na scoláirí seo agus ag chuile scoláire sa tír ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde sa chóras oideachais.

Ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar an Roinn Oideachais a chinntiú go mbeidh an deis sin ar fáil i chuile scoil sa tír agus go mbeidh rang Gaeilge ag an leibhéal is airde ar fáil do scoláirí ar mian leo an cúrsa sin a leanúint. Ina theannta sin, creidimid gur cheart go mbeadh pointí bónais ar fáil do chúrsa T1 san ardteist agus nár cheart go n-ísleofaí an marc don scrúdú labhartha Gaeilge, mar atá molta sa dréachtshonraíocht curaclaim maidir leis an nGaeilge san ardteistiméireacht.

Ceann de na bagairtí is mó do na coláistí faoi láthair ná na deacrachtaí atá ag teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn scoláirí le cead pleanála a fháil chun teach a thógáil sa nGaeltacht. Gan lánúineacha óga ag socrú síos ina gceantar féin agus ag tógáil clainne le Gaeilge, tiocfaidh deireadh ar fad leis an nGaeltacht mar phobal beo teanga. Má tharlaíonn sé seo, tiocfaidh deireadh le tionscal na gcoláistí Gaeilge mar ní bheidh dóthain lóistín ar fáil. Mar sin, is den mhórthábhacht go mbeadh cead pleanála le fáil ag cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Gné eile d’obair na gcoláistí a bhfuil aghaidh le tabhairt ar sa todhchaí ná na cúrsaí ábhar oidí. Cuid bhunúsach fhorásach d’oiliúint bhunmhúinteoirí na tíre an dá thréimhse fhoghlama coicíse a chaitheann mic léinn na gcoláistí oideachais sa nGaeltacht. Fáiltíonn CONCOS roimh chinneadh an Roinn Oideachais táillí na mac léinn a íoc do na cúrsaí seo. Maidir leis an Roinn ag íoc anois as na táillí, creideann CONCOS gur cheart scaipeadh cothrom a dhéanamh ar na mic léinn idir na coláistí Gaeilge ar fad atá faofa tríd an gcóras e-thairisceana. Deacrachta eile atá fós le sárú ag na coláistí Gaeilge sa dréachtcháipéis, Treoir Covid-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge 2021, a tháinig ó chomhairleoirí sláinte a d’fhostaigh an Roinn le cúram na Gaeltachta in 2021. Ní bheadh eispéireas an choláiste Gaeilge le fáil ag aon duine de rannpháirtithe leasmhara na gcoláistí - scoláirí, múinteoirí, lucht lóistín ná tuismitheoirí - dá n-eagrófaí cúrsaí faoi scáth na ndréacht-threoirlínte seo. Ar an ábhar sin, iarraimid go dtarraingeofaí siar an cháipéis sin láithreach agus muid ar fad ag tabhairt aghaidh ar athoscailt shábháilte na gcoláistí Gaeilge in 2022.

Mar eolas don choiste, ba mhaith liom léargas gearr a thabhairt do na baill ar thimthriall bliantúil ghnó na gcoláistí Gaeilge. Tosaíonn ullmhúchán do chúrsaí an tsamhraidh i Meitheamh na bliana roimh thús cúrsa. Sa ghnáth am, mar shampla, thosódh obair na bliana do 2022 i Meitheamh 2021 - bróisiúr a chló, suíomh Idirlín a athchóiriú, próiseas iarratais a shonrú, obair riaracháin agus mar sin de. Is idir Lúnasa agus Bealtaine is mó a chaitear airgead maidir le costais riaracháin, costais reatha agus costais ghnó na bliana. Ní caiteachas é seo is féidir a fháil ar ais má chuirtear cúrsaí ar ceal faoi mar a tharla in 2020 agus 2021. Tá liosta fada de ghnáthchostais gnó choláistí Gaeilge in imeacht bhliain airgeadais sa phríomh-aighneacht.

Meabhraímid freisin gur i mí Eanáir na bliana seo a sheol an Roinn litir chuig na coláistí ag treorú dóibh gan glacadh le héarlaisí do 2021, tráth a raibh cuid mhór cúrsaí ag coláistí éagsúla lán cheana féin, agus áirithintí suntasacha ar chúrsaí eile. Tagraím ar choláistí ag pleanáil don todhchaí agus don saol iarChovid. Tá dúshláin mhóra romhainn. Caithfear tosú ar phleanáil láithreach do 2022 agus ina dhiaidh sin, ar phlean straitéiseach le dul ar ais i mbun oibre a chuimseoidh imeachtaí uilig na gcoláistí Gaeilge. Beidh straitéis láidir mhargaíochta agus phoiblíochta mar dhlúthchuid den obair seo. Beidh ar na coláistí réiteach fisiciúil agus infrastruchtúrtha a dhéanamh don saol iarChovid trí chothabháil agus athchomhaireamh ar fhoirgnimh, ar áiseanna agus ar threalamh.

Níos tromchúisí fós i ngeall ar bhriseadh leanúnachais na gcúrsaí, caithfear rannpháirtithe éagsúla na gcúrsaí a oiliúint athuair trí chúrsaí inseirbhíse cuí a chur ar fáil tharla go mbeidh bearna trí bliana ann ó bhí cúrsaí ann cheana agus muid ag bualadh faoi chúrsaí in 2022. Caithfear an oiliúint seo a chur ar fáil do lucht lóistín, do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus leas-phríomhoidí, do chinnirí, ardchinnirí agus do treoraithe teanga. Déanfar an oiliúint seo trí ghearrchúrsaí oiliúna trí lá, agus beidh aitheantas faoi scéimeanna na bhfoghlaimeoirí Gaeilge do ghearrchúrsaí oiliúna de dhíth ar na coláistí chuige sin. Tá géarghá leis an oiliúint seo chun cinntiú go mbeidh na coláistí á riar mar is ceart agus, go mór mór, chun cinntiú go bhfanfaidh an Ghaeilge in uachtar mar aon teanga cumarsáide na gcúrsaí. Gan sin, déanfar dochar mór do stát agus stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá tionscal na gcoláistí Gaeilge in ísle brí faoi láthair. Tá sé riachtanach go dtabharfadh an Stát tacaíocht agus treoir dúinn láithreach le go mbeidh muid in ann feidhmiú mar is ceart sa bhliain 2022 agus as sin amach sa todhchaí. Chuireamar fáilte roimh an bpacáiste cúitimh do mhná tí agus tá sé thar am anois an rud beacht céanna a dhéanamh do na coláistí agus na hallaí. Tagraím do na príomhréimsí ina bhfuil tacaíocht an Stáit riachtanach le go dtiocfaidh na coláistí slán agus go neartóidh siad sa todhchaí, le cinntiú nach mbeidh titfidh aon choláiste amach as an gcóras. Is iad sin ná cobhsú a cheadú láithreach do dúinn, na coláistí agus lucht na hallaí, pleanáil do chúrsaí 2022; an dréachtcháipéis, Treoir Covid-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge 2021, a tharraingt siar; gearrchúrsa oiliúna trí lá don na rannpháirtithe éagsúla; pleanáil infrastruchtúrtha; trealamh nua a chur ar fáil; ardú suntasach i ndeontas na mban tí; deontas caipitíochta na gcoláistí a thabhairt ar ais; agus deontas reatha CONCOS a ardú arís go dtí leibhéal 2020 ar a laghad.

Ó tharla go bhfuil muid cheana féin i lár mhí Iúil 2021, agus nach bhfuil aon socrú ceart ná críochnúil déanta fós, cás práinneach atá anois ann má tá sé i ndán agus go bhfuil muid le tabhairt go forásach faoi athoscailt na gcoláistí i 2022. Iarrann muidne ar bhaill Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge na héilimh atá againn a chur os comhair an Aire Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin; an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers; agus an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, lena chinntiú, trí dhea-chomhairle na mball, go gcuirfear i gcrích iad.

Is í an Ghaeilge an acmhainn nádúrtha is mó atá ag an nGaeltacht ó thaobh na turasóireachta, go háirithe i gcomhthéacs na béime atá saol na linne seo ar an turasóireacht chultúrtha. Is í seo an obair atá ar bun ag na coláistí Gaeilge le 120 bliain. Ní mheánn áilleacht tíre, aer glan, tábhairní ceoil, turais bháid ná siúlóidí dúlra oiread is soipín tuí lena taobh. Tá tionscal na gcoláistí Gaeilge ar cheann de na tionscail is tábhachtaí agus is leanúnaí sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát. Bíonn tionchar mór acu ar chaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo phobail agus teallaigh sa Ghaeltacht, agus ar fud na tíre. Is é ár ndualgas uilig mar choláistí, agus is é dualgas an Stáit freisin, tógáil ar an oidhreacht sin trína chinntiú go dtiocfaidh na coláistí slán trí ghéarchéim ár linne. Ná cliseadh muid ar dhaoine óga na hÉireann ná ar ár bpobal Gaeltachta, ach tugadh muid ár n-aghaidh ar an todhchaí le misneach agus le dóchas.

Glacaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom. Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe sásta aon cheist atá ag na baill a fhreagairt nó soiléiriú breise a thabhairt ar aon ábhar a luadh sa chur i láthair seo.