Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mór an trua ach tá an t-am istigh. Bhí mé ag iarraidh teacht ar ais ag an suirbhé. Tá éacht déanta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Sarah McGuinness, a dhéanann an taighde. Má tá aon duine ag iarraidh fáil amach go díreach cad iad tuairimí na dtuismitheoirí atá ag tógáil teaghlaigh sa Ghaeltacht agus na torthaí ar sin, b’fhiú dóibh breathnú ar an suirbhé. Glacaim leis go bhfuil sé ar an suíomh Idirlín.