Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ó lorg mé theacht ar ais freagraíodh leath mo cheist mar gheall ar na huirlisí nó na slite éagsúla chun daoine a mhealladh chuig an gcúrsa. Ní hé gur pointí an t-aon rogha. Luadh áiteanna a choimeád sna cúrsaí faoi leith, sparánachtaí agus mar sin de. Cad é an réimse ar fad de na huirlisí a bheadh ar fáil? An bhfuil rogha de chúig, sé, seacht nó ocht rud ann? Má tá, cad iad? Cad iad na huirlisí a úsáidtear de ghnáth chun daoine a mhealladh i dtreo cúrsa faoi leith? An bhfuil liosta ann dá leithéid? Má tá daoine in aghaidh na bpointí bónais cad iad na roghanna eile atá ann?