Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Ms Sorcha Ní Chéilleachair:
Aontaím go hiomlán, 100%, leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív. Dhein mé soiléiriú faoi seo ach ní dóigh liom go raibh an Teachta anseo nuair a bhí mé ag caint. Is eagraíocht Ghaeltachta sinne. Ar eagla go raibh an Teachta ag caitheamh chugainn mar gheall ar na cainteoirí dúchais, tá eagraíochtaí eile a dhéanann abhcóideacht do chainteoirí dúchais lasmuigh den Ghaeltacht. Bíonn muidne i mbun abhcóideachta do na cainteoirí dúchais laistigh den Ghaeltacht. Go mbeidh mé sa chill, ní stopfaimid an abhcóideacht sin agus ní dhéanfaidh mé aon leithscéal faoi. Sin an jab atá againn agus déanfaimid gach aon iarracht é a dhéanamh agus é a chur i gcrích. Aontaím go hiomlán leis an Teachta ach ní sin an jab agus ní sin an chúis go bhfuil muidne anseo inniu, ar eagla go raibh aon míshoiléireacht ann. Aontaím go mór leis an Teachta. Mar atá luaite i ngach aon rud a dúirt mé inniu, caithfear aon siollabas, aon churaclam nó aon chúrsa atá ann a chur i bhfeidhm laistigh den chóras atá i bhfeidhm faoi láthair, sin é, córas na bpointí. Ní féidir é seo a líonadh i bhfolús, go bunúsach.