Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá ráite ag na Teachtaí Ó Cuív agus Moynihan. Tá dearcadh faoi leith ag roinnt daoine go bhfuil buntáiste ag muintir agus páistí na Gaeltachta ó thaobh na teanga de, mar go bhfuil an teanga acu ó dhúchas. Tá roinnt daoine sa tír seo, áfach, a bhfuil Fraincis nó Spáinnis á labhairt acu sa bhaile agus nílimid ag iarraidh an buntáiste sin a bhaint ó na páistí sin. Nílimid ag brú cúrsa níos dúshlánaí ar na páistí sin chun level playing field a bhaint amach ach sin an méid atá á dhéanamh againn leis na cúrsaí sin mura bhfuil pointí bónais ann. Bhí ionadh orm nuair a chuala mé ó Barry Slattery agus dúirt sé it is beyond our remit to advise on bonus points. An bhfuilimid ábalta é sin a shoiléiriú? Ar chuala mé i gceart é? Ní bheidís ag plé na bpointí bónais.