Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon ghá le freagra. Tá mé tar éis éisteacht leis na freagraí. Déarfaidh mé an fhírinne leo go gcuireann sé seo i gcuimhne dom cluiche a bhíodh againn fadó nuair a bheimis ag cur beart timpeall go dtí gur stopadh an ceol. Cuireadh an duine leis an mbeart amach as an gcluiche. Ní léir go bhfuil aon fhreagracht iomlán ag aon duine ar an gceist agus mar sin níl an rud ag ceangal le chéile. Tá sé chomh simplí leis sin.
Ar an gcéad dul síos, ní heol dom aon ábhar eile ina bhfuilimid ag caint ar dhá shonraíocht dhifriúil le haghaidh na hardteistiméireachta ar an ardleibhéal. Is léir nach mbeidh siad mar a chéile. Is é seo eochair na ceiste.
Níl aon mhaith a bheith ag caint ar an meánteistiméireacht. Níl aon tábhacht leis an meánteistiméireacht ó thaobh pointí ná dul ag an ollscoil. Níl aon duine ag cailleadh chodladh na hoíche mar gheall ar an meánteistiméireacht ach cailleann go leor daoine codladh na hoíche mar gheall ar an ardteistiméireacht. Cén fáth? Mar go bhfuil córas pointí ann le dul ag an ollscoil. Go dtí go gcuirfimid deireadh leis an gcóras sin, caithfimid maireachtáil leis mar fhíric an tsaoil go bhfuil sé ann.
Is tuismitheoir Gaeltachta mise de cheathrar de mo chuid. Labhraím Gaeilge sa bhaile agus labhraíonn siad Gaeilge i gcónaí. Tá siad ar fad fásta agus imithe ón bhaile ach aon uair a bhíonn siad ag caint linn is Gaeilge a bhíonn eatarthu féin agus is Gaeilge a bhí acu riamh. Nuair a tháinig siad ag an ardteistiméireacht, d'oibrigh siad na pointí nuair a roghnaigh siad na hábhair. Bhí orthu é sin a dhéanamh mar gur theastaigh uathu cúrsaí a dhéanamh a raibh ardphointí ag teastáil uathu. Tá go leor scoláirí eile ar an gcaoi chéanna.
Tuigimid na treoracha ar faoi oideachas agus saíocht agus chuile shórt eile, ach níl aon mhaith é sin a rá leis an duine óg atá ag iarraidh pointí na hardteistiméireachta a bhaint amach mura bhfuil ionannas leis an obair a bhaineann leis an rud saibhir a dhéanamh agus toradh ar an luach saothair ó thaobh pointí de. Má tá go leor oibre breise ag baint leis - tá mé ag rá é seo mar ráiteas; níl mé ag iarraidh aon fhreagra air seo - aon duine a cheapann go n-éireoidh leo cúrsa T1-T2 a thabhairt isteach gan aon mharcanna ardteistiméireachta agus é de bharúil ag scoláirí na tíre go bhfuil ceann amháin níos éasca ná an ceann eile, na daoine is mó a bheidh ag iarraidh ardphointí a bhaint amach san ardteistiméireacht, déanfaidh siad an ceann a cheapann siad a dtabharfaidh na pointí is airde dóibh.
Níl aon mhaith a bheith ag dul aniar aduaidh ar an gceist seo agus is é seo croí na ceiste atá á phlé anseo. Is í an fhadhb atá agamsa faoi seo, leis an gcaoi a bhfuilimid ag plé na ceiste seo ó sheachtain go seachtain, ní fios domsa cé atá freagrach as an rud seo ar fad a thabhairt le chéile. Má tá dhá shonraíocht ann, cé a chinnteoidh go mbeidh luach saothair do cibé acu sonraíocht a bheidh níos deacra agus a mbeidh níos mó dua, anró agus oibre ag baint leis?
Má theipeann orainn é sin a dhéanamh, teipfidh air seo agus déarfaidh daoine nach bhfuil aon spéis ag daoine óga na Gaeltachta sa Ghaeilge ach ní hé sin an fhadhb. Ag an bpointe áirithe dá shaol, tá i bhfad níos mó spéise ag scoláire sna pointí ná aon rud eile.
Mura gcreideann na finnéithe é sin, agus níl aon difríocht idir scoláirí na Gaeltachta agus scoláirí taobh amuigh den Ghaeltacht, cén fáth go bhfuil an oiread saibhris á dhéanamh ag na grind schools a dhíríonn isteach ar rud amháin: pointí? Tá cathair na Gaillimhe, cathair Bhaile Átha Cliath agus gach uile chathair eile lán de na scoileanna speisialta ar chostas mór go daoine atá rachmasach go leor le híoc astu agus nach ndéanann dada seachas díriú isteach ar na pointí san ardteistiméireacht. Má táimid dall ar an bhfíric sin, teipfidh ar gach rud a ndéanaimid. Ba bhreá liom go mbeadh i bhfad níos mó saibhris teanga á mhúineadh sna scoileanna. Níl mé ina aghaidh ach níl mé dall ar na fíricí. Níl mé dall ar an gcaoi a n-oibríonn daoine má tá uathu ardphointí a bhaint amach.
Chuala mé an méid a dúradh faoin chainteoir dúchais sa Ghaeltacht, agus is é sin a bhí sa teach seo againn toisc nach as an nGaeltacht dom ar chor ar bith, ach tá garchlann agam nach bhfuil sa Ghaeltacht atá á thógadh le Gaeilge. Is athbheochantóir mé. Creidim in athbheochan na Gaeilge, is é sin go leathnaímid an Ghaeilge ar fud na tíre. In imeacht ama, tá súil agam, má chuirtear an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm riamh, go dtógfar i bhfad níos mó daoine le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus go mbeidh an Ghaeilge mar theanga bhaile acu. Beidh tuismitheoirí as an nGaeltacht ag cuid acu agus cuid eile, ní bheidh. Ba mhaith liom go mbeidís siúd san áireamh anseo. Ní fheicim cúis ar bith nach dtabharfaidís siúd saibhreas na teanga leo agus nach mbeadh ardchumas sa teanga acu.
Is plé fada é seo taobh istigh den Ghaeltacht. Is cuimhin liom an plé seo a bheith ar bun istigh sa Roinn nuair a bhí mé mar Aire. Is minic a bhíodh dream le Gaeilge amháin i gceist ag cruinnithe áirithe sa Roinn mar go raibh gach uile dhuine acu ag obair trí Ghaeilge. Tháinig cuid acu ó na A Gaeltachtaí. Tháinig cuid acu ó na B Gaeltachtaí. Tháinig cuid acu ó na C Gaeltachtaí agus tháinig cuid acu ó thaobh amuigh den Ghaeltacht ar fad. Déarfainn i gcónaí, má fhágaimid taobh amuigh den doras na feidhmeannaigh ar fad nárbh as an nGaeltacht iad ach a bhí ina gcainteoirí líofa Ghaeilge agus cuid acu a bhí tagtha chun na Gaeltachta chun cónaí, bheadh go leor den dream imithe. Mar sin, ba mhaith liom go gcoinneofaí san áireamh anseo gach uile dhuine a thógtar le Gaeilge iad taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht nó a éiríonn leo an t-ardchaighdeán sin a bhaint amach. Tá daoine ann a dhéanann é.
Chomh maith le sin, tá an aicme daoine sin ann a thógtar taobh amuigh den Ghaeltacht ach de bhunadh na Gaeltachta iad agus a théann siar go dtí an Ghaeltacht nó, i gcás Ráth Chairn, a théann soir go dtí an Ghaeltacht chuile bhliain agus a thugann leo an Ghaeilge ar chaighdeán fíor-ard agus níos airde ná cuid mhaith do mhuintir na Gaeltachta ar an gcuma sin. Níor mhaith liomsa a bheith rótheoranta faoi seo. Nílimid teoranta nuair atáimid ag caint ar chainteoirí Béarla. Le scéal fada a dhéanamh gearr maidir leis an T1-T2, tá mé ag déanamh ráitis agus níl mé ag iarraidh aon fhreagra air seo. Mura bhfuil luach saothair ar fáil i gcóras na bpointí, ní bheidh aon tarraingt air agus tá se chomh simplí leis sin. Tá mé á rá sin mar dhuine atá ag cónaí sa Ghaeltacht agus ag éisteacht le gnáthphobal na Gaeltachta chuile lá.