Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an freagra sin ag preabadh anonn is anall i mo cheann. Dá mba rud é go raibh sé ina fhreagra éasca, tharlódh sé an an-tapa. Tuigim go bhfuiltear ag díriú ar specification difriúil ach má tá dalta sa cúigiú bliain sa mheánscoil ag roghnú ábhair, agus tá ábhar amháin a thabharfaidh saibhreas breise agus rudaí iontacha agus ábhar eile nach dtógfaidh leath an ama staidéir, roghnóidh sé nó sí T2. Leanfaidh an dalta leis nó léi breá compordach agus gheobhaidh sé nó sí na pointí ceannann céanna. Cad a mheallfaidh daoine chuig T1? Tá ualach difriúil ann. Níl siad ar chomhchéim. Tá ualach difriúil ann. Cad a mheallfaidh daoine i dtreo T1? Cad ina thaobh go mbacfaidís lena leithéid?