Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Maidir leis na liostaí téacsanna, tuigim go maith nach bhfoilsítear liostaí téacsanna mar chuid de phróiseas mar seo. Is é an rud a bhí á rá agam ná gur eisceacht é an próiseas seo. Tá dhá chúrsa éagsúla le cur i bhfeidhm d'aon ábhar amháin. Nuair atá eisceacht mar sin á déanamh, ba chóir go ndéanfaí eisceacht leis an bpróiseas comhairliúcháin chomh maith le deis níos fearr a thabhairt do dhaoine tuiscint níos fearr a bheith acu ar an dá chúrsa atá á moladh. Ba chóir go gcuirfí na liostaí téacsanna ar fáil freisin. Is é sin an pointe a bhí agam seachas aon rud eile. Chomh maith leis sin, bhí caint ansin mar gheall ar an tsraith shóisearach agus ar an tsraith shinsearach. Ní dóigh liom gur féidir aon chomparáid cheart a dhéanamh ó thaobh an méid atá siad ag rá, is é sin go rabhthas míshásta faoin gcúrsa breise sa tsraith shóisearach. De réir mar a thuigim, is cúrsa breise é. Níl aon scrúdú le déanamh agus níl aon mhaith leis ag deireadh na bliana. B'in an imní níos mó a bhí ann. Ní féidir an teastas sóisearach agus an ardteistiméireacht a chur i gcomparáid le chéile mar is bealach isteach go dtí an tríú leibhéal an ardteistiméireacht. Caithfear an comhthéacs sin a chur i bhfeidhm. Ní féidir an méid atá á rá mar gheall ar an gcóras sa tsraith shóisearach a chur i bhfeidhm agus a úsáid sa tsraith shinsearach mar tá na pointí ardteistiméireachta chomh tábhachtach agus tá béim mhór orthu.