Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. Dónal Ó Buachalla:

Is ceist an-mhaith é atá ag teacht chun cinn faoin idirphlé atá ann. Cén fáth a bhfuilimid ag tabhairt faoi dhá shonraíocht? Is é sin an bhuncheist atá taobh thiar den phlé seo. Mar atá leagtha amach ag Arlene Forster sa ráiteas tosaigh agus mar atá le feiceáil sa nóta faisnéise a tugadh don choiste, má théimid siar go dtí 2015, ag an am sin cuireadh aon doiciméad amháin amach i gcomhair comhairliúcháin don tsraith shóisearach. Ba shonraíocht chomónta a bheadh ann a chuirfí i bhfeidhm i ngach uile scoil í. Ba léir ó na freagraí a fuair an CNCM le linn an chomhairliúcháin a reáchtáladh ag an am sin nach raibh pobal na Gaeilge ag iarraidh an mhúnla sin mar nach raibh sé ag freastal ar riachtanais teanga na gcainteoirí dúchasacha, na scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, Gaelcholáistí, aonaid lán-Ghaelacha, sruthanna agus mar sin de. Mar sin, lean an próiseas comhairliúcháin sin ar aghaidh agus cuireadh roinnt moltaí maidir le múnla soláthair ag páirtithe leasmhara ag fóraim ar leith i mí Dheireadh Fómhair 2015. Cinneadh ar an múnla T1 agus T2 mar thoradh ar an bhfóram sin. Fiú amháin ina dhiaidh sin, sular críochnaíodh na sonraíochtaí deiridh agus sular cuireadh i bhfeidhm sna scoileanna iad, lean an CNCM ar aghaidh le dianchomhairliúchán leis na múinteoirí agus le daoine eile a bhí baint acu le hearnáil na Gaeilge chun go mbeidís ag teacht leis an sórt ionchais a bhí acu d'fhoghlaim na scoláirí sna scoileanna sin.

Mar atá luaite ag Roibeard Ó hEartáin ansin, is ceart rogha a thabhairt do scoláirí tabhairt faoin litríocht atá lonnaithe ina gceantair dhúchais féin agus atá scríofa ina gcanúintí féin. Tugann an dréachtshonraíocht T1 nua seo atá curtha amach i gcomhair an chomhairliúcháin scóip agus rogha do scoláirí tabhairt faoin litríocht óna gceantair féin. Beidh an rogha sin ar fáil don scoláire. Gan amhras, déanfar an rogha seo i gcomhpháirt leis an múinteoir. Tá áit lárnach ag canúintí na scoláirí féin. Tugtar aitheantas do na mionchanúintí don chéad uair i sonraíocht Ghaeilge don ardteistiméireacht. Is ceann amháin de na difríochtaí idir sonraíocht T1 agus sonraíocht T2 é sin. Díríonn sonraíocht T1 isteach ar na mionchanúintí nuair a bhaineann sonraíocht T2 leis na mórchanúintí amháin.

Luaigh Roibeard Ó hEartáin freisin gur ceart deis a thabhairt do scoláirí aithris a dhéanamh ar na drámaí, lúibíní agus agallaimh bheirte. Nuair a dhéantar iniúchadh mar is ceart ar na torthaí foghlama atá leagtha amach sna dréachtshonraíochtaí, feictear go bhfuil go leor deiseanna ann chun a leithéid de rud a chur ar fáil. Tá sé sin le feiceáil sna torthaí foghlama a bhaineann leis an léamh i snáithe 1 faoin chumarsáid. Chomh maith leis sin, tá snáithe nua curtha le chéile againn faoin chruthaitheacht teanga. Tugann sé sin deis do scoláirí na téacsanna seo a chur i láthair i go leor bealaí éagsúla faoi mar a oireann dóibh féin. Tá an ceart ag Roibeard Ó hEartáin maidir leis an bhéim a chur ar an gcur chuige nua sin.