Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Ba cheart stop iomlán a chur leis an rud seo. Mura bhfuil plé déanta nó an t-am ag daoine plé a dhéanamh ar cheist na bpointí bónais, ba cheart an próiseas seo a chur siar. Mar a dúirt mé sa chur i láthair, ní féidir aon phlé a dhéanamh ar T1 nó ar T2 seo gan é a chur i gcomhthéacs an chórais atá i bhfeidhm faoi láthair. Mura bhfuil rudaí bunúsacha cosúil le pointí bónais ar eolas againn, go mbeidh siad nó mura mbeidh siad ann, ní féidir an rud seo a phlé agus ní féidir breithiúnas ceart a dhéanamh air.