Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. Dónal Ó Buachalla:

Is féidir liom freagra a thabhairt ansin don Seanadóir agus gabhaim buíochas as na ceisteanna ar an CEFR. Tá an ceart aici go bhfuil na sonraíochtaí atá ann don tsraith shóisearach ailínithe go leathan leis an bhfráma tagartha. I dtaobh sonraíochta na sraithe sinsearaí, mar a luaigh mo chomhghleacaí, Arlene Forster, tá siad siúd ailínithe go háirithe le leibhéal 4 agus 5 den National Framework of Qualifications. Ag féachaint ar na sonraíochtaí atá ann don tsraith sóisearach, tá T1 ailínithe don B2. Agus chun dul chun cinn a dhéanamh air sin, bheifeá ag tnúth le leibhéal C1 a chur i bhfeidhm ag féachaint ar an gcomhchreat nó fráma tagartha. Is leibhéal fíor-ard, i ndáiríre, é sin. Nuair a fhéachtar ar chuid de na cúrsaí sna teangacha atá ar fáil sna hollscoileanna, bheadh siad thart faoin leibhéal sin.

Chomh maith leis sin, ag féachaint ar na leibhéal atá ann don leibhéal L2 agus T2, tá siad ailínithe le A2 nó B1 agus arís chun dul chun cinn a dhéanamh bheifeá ag tnúth le B2 atá arís fíor-ard, i ndáiríre.

Tagann sé sin ar ais go dtí an pointe a luaigh Arlene Forster ansin gurb é an aidhm a bhaineann le CEFR ná go bhfuil sé dírithe ar dhaoine fásta agus go háirithe ar scoláirí atá ag tabhairt faoina dara teanga seachas faoina gcéad teanga.