Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim clabhsúr leis an díospóireacht mhór leathan ina raibh réimse ábhar ó thaobh na Gaeilge de clúdaithe againn. Gabhaim buíochas leis an Aire as an méid a roinn sí linn inniu agus leis na hoifigigh.

Níl am againn aon ghnó eile a ghlacadh ag an gcruinniú seo. Tá cruinniú príobháideach le heagrú againn.

Tabharfaimid deis do Thuismitheoirí na Gaeltachta plé a dhéanamh ar an tuarascáil, Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht: Torthaí, eisithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, Aibreán 2021, a fuair na comhaltaí cóip de cúpla seachtain ó shin. Beidh an grúpa sin ag teacht os ár gcomhair ar an gcéad cruinniú eile, an 7 Iúil 2021. Pléifear ábhar churaclam nua don ardteistiméireacht, T1 agus T2, leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnacht agus ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Is é sin an cruinniú a cuireadh ar athló roimhe seo.

Beidh cruinniú dár roghchoiste ar siúil ar an lá céanna ó 3 a chlog go dtí 5 a chlog. Beidh ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i láthair chun plé a dhéanamh ar na Meastacháin a bhaineann leis sin, clár G, an Ghaeltacht mar ábhar an chruinnithe don roghchoiste. Beidh Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Jack Chambers, agus oifigigh ón Roinn linn chun déileáil leis sin.