Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo leithscéal. Ní dhearna mé tagairt ar bith do na naíonraí Gaeltachta. Is iad na naíonraí Béarla a bhí i gceist agam agus go mbeadh Gaeilge a bheith sa chúrsa ag na naíonraí Béarla. Shíl mé go raibh sé sách soiléir ón méid a dúirt mé go mb'in a bhí i gceist agam. Bhí mé ag tagairt do mhúinteoirí sa réamhscolaíocht nach raibh aon Ghaeilge acu. Is iad na naíonraí Béarla a bhí i gceist agam.

Caithfidh an Dr. Kirk cuimhneamh ar rud amháin. Tá breis is 90% de ghasúir na tíre seo ar scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla agus ní trí Ghaeilge. Téann siad go naíonraí atá ag feidhmiú trí Bhéarla agus ní trí Ghaeilge. Tá mise ar dhuine de na daoine sin nach ndeachaigh go scoil Ghaelach riamh. Níl agam ach Gaeilge na hArdteistiméireachta ach múineadh an Ghaeilge go han-mhaith nuair a bhí mé ar scoil. Is an cheist atá agamsa ná céard atáimid chun dul a dhéanamh do na daoine seo ar fad, formhór an phobail, atá ag fáil an oideachais trí Bhéarla agus atá sa mhóramh mór sa chluiche seo.