Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Anne Loughnane:

Tuigim. Bíonn sé níos fusa nuair a bhíonn an rang beag, ach má tá 30 dalta os do chomhair, bheadh sé dodhéanta. Caithfidh múinteoirí a ndícheall a dhéanamh do gach aon duine ann. Tá sé feicthe againn, leis an phaindéim, go bhfuil cuid de na ranganna níos lú, agus is rud maith é sin. Níl siad go léir níos lú ach tá cuid acu. Cabhraíonn sé sin le hoideachas a thabhairt dó dhaoine nuair a bhíonn líon na ranganna níos lú. B’fhéidir go mbeidh an rogha sin ann, ach ní féidir linn a bheith cinnte de go dtí go bhfeicfimid cad atá i gceist i T1 agus T2.

Táimid ag caint i gcoitinne faoi na topaicí go léir a bhaineann leis seo. Cé go bhfuil conspóid agus easaontas ann faoi rudaí áirithe, táimid ar aon aigne don chuid mhór de faoi thrí rud agus cuirfidh mé iad faoi bhráid an choiste sula gcríochnóimid. Má táimid ar aon aigne fúthu, is féidir guth láidir a chur leo agus muid ag caint leis na grúpaí eile, leis an Roinn agus leis an Aire. Tagraím don bhéaltriail. Braithim go bhfuilimid ar aon aigne nár cheart í a ísliú agus gur chóir í a choimeád ar 40%, nó níos mó, más féidir. Táimid ar aon intinn ar an mbonn leibhéal gur cheart é a bheith ann. Go háirithe, is é an rud is tábhachtaí ná gan dul ró-thapa agus athbhreithniú a dhéanamh ar an sraith shóisearach roimh aon rud eile. Luadh na deacrachtaí a bhaineann leis sin mar nár scrúdaíodh i gceart é fós. Ní dhéanfaidh sé aon mhaitheas d’aon duine má ritheann muid ar aghaidh ró-thapa gan an bhunobair a dhéanamh. Theastaigh uaim na trí rud sin a luaigh ionas gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh leo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as gach rud.