Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Claire Markey:

Ba mhaith liom ceist a chur. Tá mise ag múineadh i scoil Bhéarla agus bheadh dúshláin roimh mo scoláirí san ardteistiméireacht díreach mar a bheadh dúshláin roimh scoláirí i scoileanna sa Ghaeltacht dá mbeadh scoileanna T1 agus T2 ann. Bheadh an dúshlán céanna acu an t-ardleibhéal a bhaint amach ag T2 agus atá ag daltaí i scoileanna T1 toisc go bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas, ón mbunscoil agus ó áit eile. B'fhéidir nach bhfuil an deis sin ag mo scoláirí. Más rud é go mbeadh an dúshlán céanna roimh na scoláirí, cén fáth go bhfaigheadh scoláirí i scoileanna T1 pointí breise? Níl mise ag caint ar son múinteoirí ach ar son mo scoláirí féin i mo scoil féin mar níor phléigh mé an cheist. Mar mhúinteoir Gaeilge, ceapaim nach bhfuil sé ceart go mbeadh pointí bónais do dhaoine áirithe agus an dúshlán céanna roimh gach aon duine.