Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 June 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Ms Anne Loughnane:
Agus muid ag caint faoi rudaí atá déanta againn, thosaíomar ar chomhairliúchán a dhéanamh. Bhí cruinniú oscailte ar líne againn leis na baill, na múinteoirí Gaolainne, timpeall na tíre. Tháinig siad ó na scoileanna éagsúla agus labhair siad linn go hoscailte. B'in an chéad rud a rinneamar chun blais de na tuairimí a fháil. Nuair a raibh sé sin déanta, bhíomar ábalta na pointí móra a aithint. Chuireamar ceistneoir le chéile. Chuireamar é sin amach mar shuirbhé. Fuaireamar freagraí. Bhí dhá cheist oscailte ann agus bhí na baill in ann a dtuairimí a thabhairt. Bhí sé sin an-suimiúil mar thug siad ailt fhada dúinn inar thug siad cur síos ar na tuairimí a bhí acu féin. Is rud saibhir é. Ní dhéanfaimid i rith an tsamhraidh é ach tá sé ar intinn againn suirbhé eile a dhéanamh i mí Mheán Fómhair agus comhairliúchán eile a chur ar siúl chun cur leis an eolas atá againn agus chun cabhrú linn cinntí a dhéanamh maidir le polasaí an chumainn i leith na rudaí seo. Táimid ag dul céim ar chéim. Mar a dúirt Moira Leydon, tharla an réabhlóid seo go tobann. Táimid ag iarraidh a bheith chomh leathan agus is féidir linn leis na baill go léir atá againn chun na tuairimí a fháil uathu.
Más féidir liom, ba mhaith liom teacht ar ais ar phointe eile. Bhí mé ag caint faoi mhisneach a thabhairt do dhaoine dul sa seans agus an Ghaolainn a labhairt. Níl mise ag caitheamh anuas ar chaighdeáin ard. Ba bhreá liomsa caighdeán ard Gaolainne a bheith ag gach duine. Mar a luaigh mé ag an tús, cuireann sé brón agus díomá orm nuair a fheicim daoine a bhfuil caighdeán an-láidir acu in an-chuid ábhar ag déanamh rogha, ag deireadh na cúigiú bliana nó tús na séú bliana, an Ghaolainn ag an ardleibhéal a ligean amach agus iad ag déanamh ardleibhéal sna hábhair eile. Níl na figiúirí agam ach tá sé sin feicthe againn. Is teip é sin don chóir agus don Ghaolainn. Briseann sé mo chroí é sin a fheiceáil. Cuirim brú ar dhaoine leanúint leis an nGaeilge ach deir siad nach bhfaighidh siad na pointí arda agus go bhfuil sé ródheacair. Nílim ag rá go bhfuil sé sin ar siúl ag gach aon duine ach tá líon daoine ann a dhéanann é sin agus is trua é sin. Ba mhaith liom foghlaim ón rud sin agus cúrsa a bheith ann a bheadh dúshlánach ach go mbeadh daltaí sásta dul ar aghaidh leis, go mbeadh greim acu air agus go mbeidís muiníneach dul isteach sa scrúdú leis.