Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. John MacGabhann:

Tá dhá phointe sa bhreis ar an méid atá ráite cheana féin agam a thagann go hiomlán lena bhfuil ráite. Maidir le buntáiste, cuimhnímis i gcónaí go mbeidh fáil ar mharcanna breise dóibh siúd a dhéanann na hábhair eile trí mheán na Gaeilge.

Is sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna Gaeltachta a bheadh an tromlach dóibh. Chomh maith leis sin, tá tóir iontach agus tréan ar áiteanna sna Gaelcholáistí, is cuma cá háit sa tír atá siad. Ní ar mhaith le buntáiste ó thaobh marcanna de a chuireann tuismitheoirí a n-iníonacha agus a mic chuig na scoileanna sin ach toisc gur mhaith leo go mbeadh fáil ag na daoine óga ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá an-chuid daltaí idirnáisiúnta sna scoileanna. Tá sé sin le feiceáil i mBaile Átha Cliath ach go háirithe agus in áiteanna nach é chomh maith. Tá an bonnleibhéal thar a bheith tábhachtach dóibhsean toisc go dtugann sé deis dóibh teacht i láthair ar an nGaeilge. Tá bealach isteach acu ar chultúr na tíre, rud atá ríthábhachtach dóibh agus do gach éinne. Tuigim an Seanadóir sa mhéid agus a bhfuil amhras air ach ní dóigh linn go mbeadh sé oiriúnach leath mhór de na daltaí a scoilteadh amach agus míbhuntáiste a chur mar ualach orthu.