Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Anne Loughnane:

Tá an pointe céanna an-tábhachtach dúinn. Ba mhaith liom dul siar go dtí ceist an T1 agus T2. Níl mórán cleachtadh againn fós ar an T1 agus T2 don tsraith shóisearach ach is féidir é sin a oibriú mar níl mórán ag brath ar an tríú bliain ag deireadh an lae. Tá sé róshimplí ar fad a rá go bhfuil T1 agus T2 againn don teastas sóisearach agus, mar sin, gur féidir linn dul ar aghaidh. Cé go bhfuilimid ag lorg leanúnachais ó na déagóirí óga go dtí an tsraith shinsearach, níl sé chomh simplí agus T1 agus T2 a thógáil isteach díreach mar atá sé. Ní oirfeadh sé d'aon duine é a thabhairt ar aghaidh go dtí an tsraith shinsearach mar atá sé.

Ag teacht ar ais go dtí an bonnleibhéal, tacaímid leis an gcomharchumann eile sa mhéid go bhfuil sé práinneach go mbeadh an bonnleibhéal ann. Tá taithí leathan agam a bheith ag múineadh daoine laga. Bíonn ranganna laga agat. Nuair a bhíonn na scoláirí ag an leibhéal céanna, bíonn siad compordach dul sa seans agus dul ag labhairt. Tá siad maith go leor ag labhairt nuair a bhíonn siad compordach lena chéile. Luadh gur ceist chasta í agus go bhfuil an Ghaolainn difriúil ón bhFraincis agus rudaí mar sin. Tagann lagmhisneach ar dhaoine nuair a chloiseann siad daoine atá níos fearr leo ag labhairt. Deireann siad nach féidir leo é sin a dhéanamh agus nach bhfuil siad leath chomh maith leis na daoine sin. Bíonn siad cúthalach. Luaigh mé sa chéad ráiteas go gcaithfear tosú leo agus iad an-óg chun go mbeidh siad compordach dul sa seans agus labhairt. Bíonn an seans againn sa chéad bhliain tosú leis an rud seo. Caithfimid an bhéim a chur ar an rud go nádúrtha agus gan a bheith buartha faoin ngramadach agus faoi na botúin. Caithfimid béim a chur ar a bheith ábalta rudaí simplí a rá agus gan a bheith buartha faoi.

Luamar sa ráiteas tosaigh an chabhair mhór a tháinig ó na Gaelscoileanna nuair a tháinig siad isteach. I mbailte áirithe, cloistear grúpaí daoine nó grúpaí déagóirí ag dul timpeall ag labhairt na Gaeilge eatarthu féin mar tá taithí acu air sin. Caithfidh an cuspóir a bheith againn go mbeidh daoine sásta rudaí simplí a rá ar dtús. Ní bheidh gach aon duine ar an leibhéal céanna líofachta ach caithfimid an tábhacht a chur ar an nGaolainn líofa. Má theastaíonn ó dhaoine an-láidre litríocht a thástáil, is scil eile é sin. Ní bhaineann sé le tromlach an phobail.