Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Anne Loughnane:

Maidir leis an gceist a cuireadh orainn, tá sé deacair a rá faoi láthair mar níl aon rud socraithe fós. Tá sé fós á phlé againn. Beidh sé an-chasta mar tá daoine an-mhaith ag teacht isteach ó Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhfuil Gaolainn an-láidir acu ach níl siad sa Ghaeltacht anois. B'fhéidir go bhfuil siad i scoil eile nach bhfuil oideachas lán-Ghaelach ar siúl ann. Bheadh sé an-chasta. Mar a dúirt Moira Leydon, bheadh gá leis an dá chúrsa, T1 agus T2, a bheith ar siúl i ngach aon scoil. Ní fheadar conas a oibreoidh sé seo amach. Tá gach rud istigh sa mheascán faoi láthair. Níl mé ag tabhairt freagra díreach ach is ceist an-mhaith é. Ba chóir an rud seo a oibriú amach sula dtosóimid ar an gcúrsa a thabhairt isteach. Is é an imní atá ar dhaoine ná nach mbeadh na rudaí go léir seo pléite amach sula ndéanfar na cinntí dearfacha. Tá áthas orainn an rud seo a phlé agus níos mó eolais a fháil faoi agus rudaí mar sin. Mar atá scríofa sa ráiteas tosaigh atá againn, tá comhairliúchán ar siúl againn chun a fháil amach an taithí atá ag na baill atá againn na scoileanna éagsúla. Tá baill againn sna Gaeltachtaí agus na scoileanna ina bhfuil an Ghaolainn lag. Braitheann sé ar an gcúrsa nó ar na dréachtshonraíochtaí a chuirfear ann do T1 agus T2. Caithfimid a bheith aireach.