Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. John MacGabhann:

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí. Táimid thar a bheith buíoch díobh as an gcuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo inniu agus ár ndearcadh ar churaclam na Gaeilge a chur in iúl dóibh. Ba chóir dom a rá gur cheardchumann é Aontas Múinteoirí Éireann, TUI, a dhéanann ionadaíocht do bhreis is 15,000 múinteoir iar-bhunscoile chomh maith le 5,000 oideachasóir agus léachtóir ag an tríú leibhéal, agus luíonn cuid acu sin isteach ar an nGaeilge chomh maith. Tá baill ag TUI i bhformhór na scoileanna a sholáthraíonn an ardteistiméireacht agus is í an ardteistiméireacht atá faoi chaibidil inniu.

Mar sin, is údar mór spéise dúinn an siollabas atá ar fáil do dhaltaí sa Ghaeilge agus, dá bhrí sin, is mór linn an deis seo a bheith againn inniu dearcadh TUI i leith an tsiollabais, lena dtugtar sonraíocht anois air, a chur faoi bhráid an choiste.

Mar is eol don choiste, táthar i mbun comhairliúcháin maidir le sonraíocht chuí don Ghaeilge sa tsraith shinsearach i láthair na huaire. Chuige sin, agus tá sé seo ríthábhachtach dúinn, tá an TUI tiomanta do chomhionannas deise sa chóras oideachais agus do dhaonlathas i gcúrsaí curaclaim.

Sna leasuithe atá molta go dtí seo, beidh dhá shonraíocht ar fáil: T1 agus T2. Baineann T1, faoi mar atá an scéal i láthair na huaire, le Gaelcholáistí sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht. Is ábhar buartha dúinne sa TUI é go bhfuil eagraíochtaí áirithe ag iarraidh pointí breise - pointí bónais - do dhaltaí a thabharfadh faoi shonraíocht T1. Bheimis in aghaidh a leithéid de mholadh mar go mbronnfadh sé buntáiste breise áit a bhfuil neart buntáistí cheana féin. I scoileanna nárbh fhéidir leo T1 a chur ar fáil, mar shampla, scoileanna sa scéim DEIS ach go háirithe, chuirfí na daltaí sna scoileanna sin níos faide chun cúil ná mar atá siad cheana féin.

Tá imní orainn freisin maidir le cruth na sonraíochtaí, atá fíor lag maidir leis na torthaí foghlama, faoi mar atá an scéal i láthair na huaire. Ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag múinteoirí agus daltaí céard atá le déanamh acu. Tá na sonraíochtaí do TI agus T2 ró-scaoilte, agus de dheasca sin, is iad na foilsitheoirí leabhair a chuirfidh a leagfaidh an caighdeán síos go pointeáilte, rud a sháraíonn an próiseas comhairliúcháin.

Chun toradh míchuí mar sin a sheachaint, ba cheart tuilleadh sonraithe a bheith luaite sna dréachtsonraíochtaí ar mhaithe le treoir shoiléir a thabhairt do mhúinteoirí agus do scoláirí. Tá sé molta go laghdófaí cion na marcanna a théann don scrúdú cainte ó 40% go 35%. Ní lear mór marcanna iad na cúig mharc sin ach tá siombalachas an mholta sin thar a bheith dainséarach. Ní luíonn sé le réasún. Is teanga í an Ghaeilge agus ba chéim siar é an laghdú seo marcanna don teanga labhartha, faoi mar atá ráite ag mo chomhghleacaithe.

Maidir leis an tsraith shóisearach, is léir go bhfuil easpa leanúnachais idir an dá shraith, sóisearach agus sinsearach, ó thaobh labhairt na teanga de ach go háirithe. Ba cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh air seo agus ar an tsraith shóisearach ar dtús, sula ndéanfar aon chinneadh cinniúnach i leith na sraithe sinsearaí.

Maidir leis an gcinneadh ag meitheal National Council for Curriculum and Assessment, NCCA, nach mbeidh ceist litríochta ar an bpáipéar scrúdaithe ag an ngnáthleibhéal, ní dhéanfaidh sé seo aon mhaitheas do theagasc na litríochta ag an leibhéal sin. Tá an moladh seo déanta, faoi mar a thuigimid an scéal, toisc go bhfuil sé molta chomh maith nach mbeadh aon bhonnleibhéal ag teastáil. Ach tá bonnleibhéal ag teastáil agus beidh sé ag teastáil i gcónaí. Gach seans go mbeidh an gnáthleibhéal nua fós ró-dhulshlánach do na daltaí is laige agus ba chóir an bonnleibhéal a chaomhnú sa chaoi go mbeidh cúrsa atá feiliúnach ar fáil do na daltaí sin. Tá sé de cheart acu cúrsa Gaeilge a bheith acu. Tá bonnleibhéal fós ag teastáil agus ba chóir é a chaomhnú.

Tá amhras ann faoi cheann scríbe na sonraíochtaí chomh maith, de dhíth ganntanas eolais a bheith orainn. I measc na bhfadhbanna eile, mar a fheictear do TUI iad, tá ganntanas eolais agus bearnaí cumarsáide ann, mar shampla, níl aon pháipéar samplach curtha ar fáil go fóill.

Maidir leis an litríocht, níl aon liosta litríochta curtha ar fáil ach oiread, cé gur chuid lárnach de shonraíochtaí na Gaeilge í an litríocht. Tá tuiscint níos iomláine ag teastáil go géar ó gach uile dhuine, múinteoir agus dalta, ar spéis leo an t-ábhar seo.

Fáiltímid roimh an gcinneadh stuama atá déanta le déanaí ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an tréimhse ama don phróiseas comhairliúcháin maidir leis na dréachtsonraíochtaí a shíneadh amach go deireadh na bliana seo. B'fhéidir go mbeidh breis ama air sin ag teastáil chomh maith. Ní foláir dul ar aghaidh de réir a chéile go stuama sa tionscadal tábhachtach seo, seachas imeacht ó rás reatha agus praiseach a dhéanamh de.

Tá moltaí áirithe ag TUI: go mbeidh na torthaí foghlama níos soiléire agus níos sonraithe le treoir shoiléir a thabhairt do mhúinteoirí agus scoláirí; go mbeidh an cúrsa bonnleibhéal ar fáil do na scoláirí atá á iarraidh; go bhfágfar an scrúdú cainte ag 40% ar a laghad nó fiú an marc sin a ardú roinnt; lena chois sin agus dá réir sin, go ndéanfar scóip an scrúdú cainte a leathnú agus fad an scrúdaithe féin a mhéadú; go gcuirfear scrúdú cainte ar fáil don tsraith shóisearach chun béim ar labhairt na teanga a hathbheochan agus chun leanúnachas teagaisc agus foghlama idir an dá shraith a chur i bhfeidhm; go mbeidh an litríocht ar fáil leis na sonraíochtaí T1 agus T2; go mbeidh páipéir shamplacha ar fáil freisin leis na sonraíochtaí; nach mbronnfar pointí nó marcanna breise ar scoláirí a thugann faoi T1; agus go mbeidh an dá shonraíocht - agus tá sé seo ríthábhachtach dúinn - agus an dá leibhéal sa dá shonraíocht, ardleibhéal agus gnáthleibhéal, gan trácht ar an mbonnleibhéal, ar fáil i ngach scoil más mian agus más féidir leis an scoil iad a chur ar fáil, ar mhaithe le freastal cuí foirfe a dhéanamh ar uaillmhian agus riachtanais daltaí na scoile áirithe sin.

Táimid buartha faoi chaighdeán na Gaeilge faoi mar a fheictear dúinn é i láthair na huaire i gcuid mhaith de na bunscoileanna. Ní ag caitheamh anuas ar bhunmhúinteoirí atáimid ach tá easpa ann sna cúrsaí oiliúna, i gcuid acu ach go háirithe. Rud eile é a bhfuilimid buartha faoi agus a bhíomar buartha faoi riamh ná na díolúintí a fhaigheann cuid de na daltaí. Tá sé ró-éasca na díolúintí seo a fháil. Is eol dúinn go bhfuil daltaí atá cumasach go leor ag déanamh Fraincise agus Gearmáinise agus ag fáil díolúine maidir leis an nGaeilge. Ní luíonn sé sin le réasún. Ba chóir é sin a iniúchadh go preas.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis agus beidh breis le rá ag mo chomhghleacaí, Claire Markey, atá ina múinteoir i dTeach na Giúise i mBaile Átha Cliath.