Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 June 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Ms Anne Loughnane:
Ar dtús, gabhaim mo bhuíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an chomhchoiste as an gcuireadh a fuaireamar teacht anseo inniu. Tugann sé deis iontach dúinn tuairimí agus moltaí an cheardchumainn a chur faoi bhráid an chomhchoiste. Is ionadaí ábhair mé don Ghaeilge don chumann. Tá taithí fhada agam ar mhúineadh na Gaolainne agus táim ag plé le cúrsaí Gaolainne ar feadh mo shaol múinteoireachta. Mhúin mé gach leibhéal ag amanna éagsúla ón chéad bhliain ar aghaidh go dtí an idirbhliain, agus Gaeilge chumarsáideach don ardteistiméireacht fheidhmeach suas go dtí ardteistiméireacht ardleibhéal. Ina theannta sin, tá taithí agam ar scrúdaitheoir don bhéaltriail.
Nuair a fhéachaim siar ar mo thaithí féin sa seomra ranga, is fíor a rá go bhfuil athruithe móra tagtha ar an teanga ó thosaigh mé ag múineadh. Braithim féin go bhfuil an tsuim sa Ghaeilge i measc daltaí i gcoitinne laghdaithe agus tá a gcumas sa teanga níos laige ná mar a bhíodh, agus ar ndóigh cuireann sé sin brón ormsa.
Ba mhaith liom díriú anseo inniu ar dhá ghné den ábhar atá curtha isteach againn: an bhéaltriail agus an gá práinneach do shos machnaimh sa phróiseas seo. Is é mo chuspóir féin don Ghaolainn ná daoine a chloisteáil ag labhairt, fiú amháin blúiríní beaga den teanga, go nádúrtha ina saol laethúil ag dul timpeall.
Faoi mar a dúramar sa ráiteas tosaigh, céim mhór ar aghaidh don Ghaolainn a bhí ann nuair a ardaíodh na marcanna don bhéaltriail. Tharla sé sin sa bhliain 2007, ceapaim. Chuir sé sin béim shuntasach ar labhairt na teanga agus chabhraigh sé go mór le meon na ndaltaí a mhúnlú i dtreo Gaolainn a labhairt, fiú amháin na daltaí a raibh an-leisce orthu triail a bhaint as.
Anois, tá cinntí móra le déanamh mar shochaí againn, cinntí a rachaidh i bhfeidhm go mór ar thodhchaí na Gaolainne ar feadh i bhfad amach anseo. Tá am againn fós machnamh dáiríre a dhéanamh ar na cinntí sin. Impím anseo ar aon daoine ag a bhfuil tionchar ar an bpróiseas seo tús áite a thabhairt do labhairt na Gaolainne.
Is breá liom féin an litríocht. Tá grá agam don litríocht, agus táim cinnte go bhfuil daoine ar an gcoiste agus anseo inniu ar aon aigne liomsa sa mhéid sin, ach is mionlach beag muid agus caithfimid é sin a aithint. Má theastaíonn uainne an Ghaolainn a chóiméad nó í a chur i mbéal an phobail, caithfimid díriú ar mhodhanna chun é sin a chur i gcrích, modhanna atá réalaíoch agus a thuigeann daltaí agus a bhfuil daltaí sásta teacht leo.
Is minic a chloisimid daoine ag rá, amuigh sa phobal, gur chaith siad ocht mbliana sa bhunscoil agus cúig nó sé de bhlianta i seomraí ranga i mbun staidéir ar an nGaolainn ach fós níl Gaolainn acu. Ar shlí, tá sé sin dochreidte, ach fós tuigimid go léir go bhfuil sé fíor i gcás an-chuid daoine. I mo thuairim féin, tá sé sin náireach agus brónach agus tá sé ag tarlú le blianta fada. Cé go bhfuil sé mall anois, níl sé ródhéanach fós. Má chuirimid chuige go fonnmhar agus go ciallmhar, is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh i labhairt na Gaolainne inár sochaí.
Ní cáinteoir dúchais mise. Níor rugadh sa Ghaeltacht mé agus d’fhoghlaim mise an chuid is mó de mo chuid Gaolainne sa bhunscoil. Is cuimhin liom go maith go raibh an-bhéim nádúrtha ar labhairt na teanga ó aois an-óg agus go raibh sé nádúrtha í a labhairt agus nach raibh aon leisce ná rudaí mar sin ag cur isteach ar dhaoine óga.
Ag caint faoi fhoghlaim na Gaolainne, ní gá go mbeadh uallach mór oibre ag baint leis. A mhalairt atá ag teastáil i ndáiríre. Sin pointe an-láidir ar mhaith liom a dhéanamh anseo: an t-ualach oibre a laghdú. I mo thuairim féin, maraíonn an t-ualach suim an dalta. Tá sé sin soiléir ón méid daltaí maithe a roghnaíonn an cúrsa gnáthleibhéil do scrúdú na hardteistiméireachta toisc go mbraitheann siad go bhfuil an iomarca oibre scríofa agus oibre foghlamtha ag baint leis agus go bhfuil sé deacair grád ard a fháil san ábhar sin. Céim dhiúltach don Ghaolainn is ea an t-ísliú go dtí 35% don bhéaltriail. Ní dhéanfadh sé ciall ar bith.
Is é an dara pointe ar mhaith liom tagairt leis ná an cúrsa nua don Ghaeilge sa tsraith shóisearach. Ón taighde atá déanta againne sa chumann leis na baill, is é sin na múinteoirí Gaolainne sa cheardchumann againne, tá sé soiléir go lagmhisneach ar thromlach mór na múinteoirí a thug faoin gcúrsa nua a mhúineadh. Tagann mo thaithí féin leis an taighde sin áfach. Sin é an fáth go bhfuil sé práinneach athbhreithniú dáiríre a dhéanamh ar fheidhmiú na sraithe sóisearaí roimh aghaidh a thabhairt ar athruithe fadtéarmacha sa tsraith shinsearach.
Ba mhaith liom a rá go gcaithfimid a bheith macánta faoi na fadhbanna, na laigí agus na botúin a rinneadh san am atá thart má theastaíonn uainn dul chun cinn a dhéanamh amach anseo. Má leanaimid ar aghaidh ag déanamh na rudaí céanna, is cinnte go bhfaighimid na torthaí céanna. Tá sé in am dúinn go léir a bheith oscailte faoi staid na teanga, curaclam na Gaolainne mar atá sé faoi láthair, múineadh na teanga agus na riachtanais chun an scéal a fheabhsú don Ghaolainn.